Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Comhairliúchán Poiblí > Plean Corparáideach 2015-2019

Plean Corparáideach 2015 - 2019

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú Plean Corparáideach úr ina leagfar amach treo straitéiseach na Comhairle ó 2015 go dtí 2019.  Le cuidiú linn an plean seo a ullmhú ba mhaith linn do chuid tuairimí, moltaí agus barúlacha a chluinstin i dtaca leis na príomh-réimsí ar chóir don Chomhairle díriú orthu sna 5 bliana amach romhainn.

 

Cad chuige Plean Corparáideach?

 

Tá ceangal dlí ar Chomhairle Contae Dhún na nGall Plean Corparáideach a ullmhú ina leagtar amach Ráiteas Straitéise i leith obair na Comhairle ó 2015 go dtí 2019.

 

Agus muid ag forbairt ár bPlean Chorparáidigh, tá deis againn machnamh a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn i dtaca leis na seirbhísí agus na tacaíochtaí is fearr agus a thig linn a sholáthar do mhuintir Dhún na nGall.

 

Leagfar amach sa Phlean Chorparáideach:

 

  • Fís agus Ráiteas Misin na Comhairle.
  • Na Croí-Luachanna a threoróidh obair na Comhairle.
  • Achoimre ar an Chomhthéacs Ginearálta ina bhfuil muid ag feidhmiú.
  • Cuspóirí straitéiseacha agus straitéisí tacaíochta na Comhairle.
  • Na hacmhainní inmheánacha atá ar fáil leis na cuspóirí straitéiseacha seo a bhaint amach.
  • Mionsonraí faoin dóigh a ndéanfaidh muid monatóireacht ar éifeacht na Comhairle i gcur i bhfeidhm na gcuspóirí straitéiseacha seo, agus an obair sin a mheas.

 

Buneolas faoi Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall an t-údarás áitiúil do Chontae Dhún na nGall, agus tá 37 comhairleoirí nó ball tofa uirthi.  Tá gach comhairleoir tofa chuig ceann amháin de na cúig Cheantar Bardais sa chontae.

 

Tá de chúram ar na Comhairleoirí beartais a cheapadh, agus tá de chúram ar an Phríomh-Fheidhmeannach an Chomhairle a bhainistiú ó lá go lá.

 

Tá dhá phríomh-fheidhm ag an Chomhairle:

 

  1. Leas agus caighdéan saoil na ndaoine agus na bpobal i nDún na nGall a chur chun cinn
  2. Réimse seirbhísí poiblí agus tacaíochtaí a sheachadadh do mhuintir Dhún na nGall ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.

 

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall réimse leathan feidhmeanna, seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil, ar a n-áirítear an méid seo a leanas:

Stiúrthóireacht

Feidhmeanna agus Seirbhísí

Pobal, Cultúr agus Forbairt Phleanála

Forbairt Pobail, An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil, An Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail, Beartas Pleanála, Seirbhísí Leabharlainne, Seirbhísí Ealaíne, Seirbhísí Cartlainne, An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Seirbhísí Oidhreachta, Seirbhísí Caomhantais, Iarsmalann an Chontae, An Oifig Fiontair Áitiúil, Tacaíochtaí le haghaidh Forbairt Eacnamaíochta, Forbairt na Turasóireachta, Oifig na Scannán, Taighde agus Beartas, Áiseanna Súgartha agus Caithimh Aimsire, An tAonad um Chuimsiú Sóisialta, Maoiniú PEACE  III, An tAonad um Maoiniú AE agus Seachtrach, Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte.

Airgeadas, Córais Faisnéise agus Seirbhísí Éigeandála

Bainistiú Airgeadais, Bainistiú Buiséid, Ráitis Airgeadais Bhliantúla, An tAonad um Bailiú Ioncaim, Párolla, Cuntais Iníoctha, Iniúchadh Inmheánach, Bainistiú Sócmhainní, An tSeirbhís Dóiteáin, Bainistiú Mór-Éigeandála, Teineolaíochtaí, Bonneagar agus Líonraí Córais Faisnéise, Cumarsáidí agus Teagmháil leis na Meáin, Pleanáil Chorparáideach.

Tithíocht, Corparáideach agus Rialú Pleanála

Seirbhísí Tithíochta, Seirbhísí Mótarchánach, Seirbhísí Pleanála, Forfheidhmiú Pleanála, Eastáit Tithíochta Neamhchríochnaithe, Rialú Tógála, Acmhainní Daonna, Oiliúint, Clár na dToghthóirí, Oifig na Gaeilge, Saoráil Faisnéise.
Bóithre & Caipiteal Tithíochta Tógáil agus Cothabháil Bóithre, Bainistiú Tráchta, Sábháilteacht Bóthair, Soilsiú Poiblí, An Oifig um Dhearadh Bóithre Náisiúnta, An Oifig um Dhearadh Bóithre Neamhnáisiúnta, An Oifig um Bainistiú Bóithre, Céanna agus Cuanta, Tailte Adhlactha, Bainistiú Sócmhainní, Bainistiú Áiseanna, Tógáil Tithe agus Foirgnimh.

Seirbhísí Uisce & Timpeallachta

Comhaontú Leibhéal Seirbhíse le hUisce Éireann a Bhainistiú, Cosaint na Timpeallachta, Bainistiú Dramhíola, Turailliú a Rialú, Caighdeán an Uisce, Bainistiú Bruscair, Bainistiú Tránna agus Tránna Brait Ghoirm, Linnte Snámha, Cosaint Shibhialta, Seirbhísí Tréidliachta agus Rialú Madaí.

 

 

Bíodh do ghuth agat...

 

Agus an Plean Corparáideach á ullmhú againn, ba mhaith linn do chuid tuairimí agus moltaí a chluinstin.  Mar shampla,

 

  • Cad iad na ceisteanna agus na dúshláin atá idir lámha ag do phobal, d'eagraíocht agus/nó d'earnáil i láthair na huaire?
  • Cad é mar is féidir le Comhairle Contae Dhún na nGall dul i ngleic leis na ceisteanna agus na dúshláin seo, agus tacú leat, dar leat?
  • Cad iad na príomhréimsí ar chóir do Chomhairle Contae Dhún na nGall béim a chur orthu ó 2015 go dtí 2019?

 

Ná bíodh leisce ort aon tuairim bhreise nó aon eolas eile a shíleann tú a bheith ábhartha a chur isteach mar chuid den phróiseas seo.

 

Sprioc-dháta le haghaidh aighneachtaí a dhéanamh

 

Is é an Aoine 20 Feabhra 2015 ar 4.30pm an dáta deireanach le haghaidh aighneachtaí i dtaca leis an Phlean Corparáideach.  Ba chóir gach aighneacht a chur trí ríomhphost nó tríd an phost chuig:

 

Anne Marie Conlon, Oifigeach Cumarsáide, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall

 

Guthán: 074 91 72207

Rphost: [email protected]

Eolas úsáideach eile

Plean Corparáideach go dtí 2014
Bíodh do ghuth agat i dtaca le Plean Corparáideach 2015 - 2019

Plean Corparáideach Údaráis Áitiúil 2015 - 2019 - Treoracha Breise / Local Authority Corporate Plan 2015-2019 Supplementary Guidelines

Bíodh do ghuth agat - Treoir Céim ar Chéim ar an Dóigh le hAighneacht a dhéanamh