Páistí ó Scoil Gasúraí Cholm Cille i Leitir Ceanainn ag seoladh Wainfest 2016.
Ghlac breis agus 3,400 páiste páirt in Wainfest anuraidh i mí Dheireadh Fómhair. Is é atá in Wainfest Féile Ealaíne agus Leabhar do Pháistí gach bliain i nDún na nGall, agus is í Rannóg Seirbhísí Cultúrtha na Comhairle a reáchtálann an fhéile ardchaighdeánach seo do pháistí idir 4 - 12 bliana.
Bhí 79 imeacht scoile agus 17 imeacht dteaghlaigh mar chuid d'fhéile Wainfest sna Leabharlanna Poiblí, in Ionaid Taobh Tíre, in Iarsmalann an Chontae agus san Ionad Cultúrtha Réigiúnach.
Páistí ag glacadh páirte i gceardlann Dearadh Digiteach 1916 mar chuid de Wainfest 2016.
Faoi dhraíocht i Leabharlann Bhun Cranncha le linn Cóisir Scéalaíochta Teaghlaigh mar chuid de Wainfest.
Ta obair ullmhúcháin ar siúl cheana féin fá choinne Wainfest 2017.
Beidh féile na bliana seo ar siúl idir 7ú agus 14 Deireadh Fómhair agus má tá suim ag aon duine a bheith páirteach ann ba chóir dul i dteagmháil le Sinéad Mc Laughlin ar [email protected]. Fá choinne tuilleadh eolais gabh chuig: www.wainfest.ie