Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Aerfort álainn Dhún na nGall

An Áit is Áille ar Domhain le Tuirlingt i nDún na nGall

 

Donegal – World’s most beautiful landing spot

 

Grianghraf den áit is áille ar domhain le tuirlingt, anseo i nDún na nGall!

 

 

Tá Aerfort Dhún na nGall ainmnithe ag díograiseoirí taistil ar fud an domhain mar an áit is áille le tuirlingt ann.

 

 

Is é Private Fly a dhéanann an suirbhé bliantúil seo, agus is don aerstráice ag Aerfort Dhún na nGall a tugadh an líon is mó vótaí i mbliana. Bhí an lucht vótála an-tógtha leis an tírdhreach álainn ach garbh thart ar an chósta anseo.

 

Bhí Aerfort Dhún na nGall i measc na ndeich gcinn is airde ar an liosta le dhá bhliain anuas agus baineadh an chéad áit amach don chéad uair i mbliana in 2018. Is cineál de ‘Liosta Bucáide’ atá sa liosta seo i measc díograiseoirí taistil, agus tagann an t-aitheantas iontach tábhachtach seo sna sála ar ghradaim eile, ar nós ‘An Áit is Fearr in Éirinn’ ag na meáin, ‘An Áit is Cúláilte ar an Phlainéad’ ag an National Geographic, agus ‘An tSeoid faoi Cheilt’. Táthar ag súil go gcuirfidh na gradaim seo le líon na dturasóirí chuig an chontae de bharr dea-phoiblíochta.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO