Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ag fulaingt de bharr na dtuilte?

An bhfuil tú ag fulaingt de bharr na dtuilte?

 

Thíos faoi seo tá achoimre ar na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh siúd a d’fhulaing de bharr na dtuilte i nDún na nGall le seachtain anuas. 

 

An Scéim um Chúnamh Daonnúil

 

Cóiríocht Éigeandála (Lóistín)

 

I ndiaidh na Tubaiste

 

Glantachán i ndiaidh Tuilte

 

Cuidiú fá choinne gnólachtaí beaga, agus eagraíochtaí pobail, deonacha agus spóirt

 

Ag mothú faoi bhrú mór

 

Bóithre Druidte

 

 

An Scéim um Chúnamh Daonnúil

 

Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí a riarann an Scéim um Chúnamh Daonnúil. Tá an scéim ar fáil chun cuidiú le daoine a bhfuil dochar déanta dá dtithe ag tuilte agus nach bhfuil d’acmhainn acu íoc as na costais a bhaineann le riachtanais, earraí tí, agus i roinnt cásanna, deisiúchán struchtúrtha. 

 

Iad siúd a bhfuil an cuidiú seo de dhíth orthu ba chóir dóibh dul chuig Oifig Intreo i mBun Cranncha scairt ghutháin (074) 9364600 nó (074) 9130490.

Cliceáil anseo fá choinne tuilleadh eolais.  

 

 

Cóiríocht Éigeandála (Lóistín)

 

Tá an Chomhairle ag soláthar áit chónaithe dóibh siúd atá fágtha gan dídean i ndiaidh na dtuilte agus táthar ag obair le gach teaghlach cás ar chás lena oibriú amach cád é an cuidiú atá de dhíth i ndiaidh na tréimhse éigeandála agus is dócha nach mbeidh roinnt teaghlach in ann pilleadh ar a gcuid tithe féin go ceann tamall maith. 

 

Má tá lóistín éigeandála de dhíth ort de bharr na dtuilte, déan teagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 91 53900.

 

 

I ndiaidh na tubaiste

 

Tá Comhairle Contae Dhún na Gall ag leanúint de bheith ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag fulaingt de bharr na dtuilte agus aon duine a rinne teagmháil leis an Chomhairle tá cuidiú curtha ar fáil dóibh nó tá an cuidiú sin á ullmhú faoi láthair.  Iad siúd a bhfuil cuidiú de dhíth orthu tá muid ag iarraidh orthu dul i dteagmháil leis an Chomhairle go díreach agus déanfar gach iarracht na tacaíochtaí agus an cuidiú atá riachtanach a chur ar fáil. 

 

Tá an Chomhairle ag comhordú na tacaíochta atá á cur ar fáil ag an Arm Cosanta i roinnt eastáit tithíochta phríobháideacha agus i gceantracha eile in Inis Eoghain.  Lena chois sin, tá an Chomhairle ag cur scipeanna agus díthaisirí ar fáil le haghaidh sealúchais a bhfuil dochar déanta dóibh ag na tuilte. 

 

Má tá ceann de dhíth ort déan teagmháil leis an Chomhairle ar 074 91 53900.

 

 

Glantachán i ndiaidh Tuilte

 

Tá eolas úsáideach ar flooding.ie faoi rudaí a thig leat a dhéanamh i ndiaidh tuilte, ó thaobh Caillteanais a Mheasúnú, do theach a Ghlanadh Suas, Triomú a dhéanamh, Obair Athchóirithe agus Seirbhísí a chur ag dul arís. Féach anseo for fá choinne sonraí.

 

 

Cuidiú fá choinne gnólachtaí beaga, agus eagraíochtaí pobail, deonacha agus spóirt

 

Beidh scéim tacaíochta daonnúil éigeandála, atá á riar ag Cros Dhearg na hÉireann, ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí beaga, agus le heagraíochtaí pobail, deonacha agus spóirt, atá ag fulaingt de bharr na dtuilte. 

 

Beidh tuilleadh eolais faoin scéim seo ar fáil go luath.

 

 

Ag mothú faoi bhrú mór

 

Is féidir le dochar tuilte sa teach nó sa ghnólacht goilliúint go mór ar dhuine.  Thig leis geit mhór a bhaint as duine agus a lán mothúchán a chothú.  Sa bhileog seo gheobhaidh tú moltaí a d’fhéadfadh a bheith cuidiúil duit féin agus do do theaghlach le linn na tréimhse deacaire seo.

 

Tá líne chuidiúil curtha ar fáil ag Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar 074 91 67558 (oscailte ó 9am - 5pm) chun cuidiú le duine ar bith atá ag mothú faoi bhrú mór intinne de bharr na dtuilte.   Nó thig leat scairt a chur ar na Samáraigh ar 116 123.

 

 

Bóithre Druidte

 

Is féidir tuilleadh eolais fá Bhóithre Druidte a fháil ar ár leathanaigh Facebook agus Twitter.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO