Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Aip Camchuairte LC

Aip Camchuairte Leitir Ceanainn seolta

Letterkenny Cathederal Quarter App officially launched.

 

 

Rinne an Cathaoirleach, an Clr. Gerry MacMonagle, Aip Cheathrú Ard-Eaglaiseach Leitir Ceanainn a sheoladh go hoifigiúil ag ócáid in Óstán Dillon Dé Céadaoin seo caite. Cruthaíodh an léarscáil mar chuid den chomhoibriú atá ar siúl idir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa an Cheathrú Ard-Eaglaiseach agus an togra IMPROVE.

 

Is é atá ar an léarscáil 20 pointe stairiúil thart fá limistéar an Cheathrú. Is é Grúpa an Cheathrú Ard-Eaglaiseach a chuir an t-eolas uilig agus na híomhánna uilig ar fáil, agus is iad seirbhísí GIS na Comhairle a rinne an léarscáil a dhearadh agus a sholáthar don ghrúpa.

Sampla maith den chomhoibriú idir an Chomhairle, a cuid páirtnéirí agus na pobail i nDún na nGall atá sa togra seo, a dúirt an Cathaoirleach.  

 

Is siúlóid féinfhreastail atá sa léarscáil ina dtig leat siúl thart i lúb ó Chearnóg an Mhargaidh go dtí an Ard-Eaglais, ar aghaidh thar Chnoc na Foraire go dtí an Coláiste, ar ais via Loretto, síos Lána na hEaglaise agus ag críochnú arís ar an tSráid Mhór.

 

Tá cóid QR a thig a chur suas ar fhuinneoga siopa fosta sa dóigh is go dtig le turasóirí nó daoine eile an cód a scanadh agus tabharfar iad go díreach chuig an léarscáil mar a dtig leo stair an bhaile a scrúdú agus a thaiscéaladh.

Tá an léarscáil ar fáil anseo

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO