Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Aisteoirí Leifir

Ómós d'Aisteoirí Leifir

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall idir ómós agus aitheantas d’Aisteoirí Leifir (Lifford Players) ag searmanas sibhialta i dTeach an Chontae, Leifear, Dé Luain 25 Bealtaine ar 6pm. Ba é an Cathaoirleach, an Clr. John Campbell, agus comhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall, a d’óstáil an Fáiltiú Sibhialta seo. 

Tá go leor gradam bainte ag Aisteoirí Leifir le blianta anuas, idir áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.  

Cuireadh tús le hAisteoirí Leifir siar in 1952 nuair a tháinig comhleacaithe oibre i dTeach an Chontae, agus daoine as ionaid oibre eile, le chéile chun cumann drámaíochta a bhunú agus tá sé faoi lán seoil go fóill 63 bliana ina dhiaidh sin.  

Tháinig go leor daoine fríd an chumann sa tréimhse sin, cuid acu ag obair ar an ardán, cuid eile sa chúlra, bíodh sin ag aisteoireacht, ag léiriú, ag dearadh, ag socrú áiteanna agus daoine le haghaidh féilte nó le cleachtadh a dhéanamh. 

Chlúdaigh siad cuid mhór saothar síos fríd na blianta, saothar scríbhneoirí ar nós George Shiels, Sean O’Casey, Gerard Healy, Hugh Leonard, Lady Gregory go dtí John B Keane, M. J. Molloy agus ar ndóigh Brian Friel é féin, gach ach cuid acu a lua.

Ní raibh ceist ar bith rómhór ná róbheag dóibh.

Is sna hochtóidí a bhain siad amach an líon is mó gradam. Bhí trí bhua Uile-Éireann acu le ‘Macooks Corner’ in 1982, ‘Wood of the Whispering’ in 1985, agus ‘Translations’ in 1987

Ach níor lig siad a maidí le sruth ó shin ach an oiread, agus tá go leor aisteoirí óga úra a gcruthú agus á bhforbairt laistigh den chumann go fóill. 

 

CRÍOCH

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO