Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Aitheantas do bhaill de Chosaint Shibhialt

Boinn Fadseirbhíse bronnta ar Oibrithe Deonacha le Cosaint Shibhialta Dhún na nGall

 

Civil Defence Volunteers honoured 379 x 269

Ar chúl, ó chlé, An tUas. Joe Breslin, Tamhnach an tSalainn (30bl), An tUas. James Dolan, Srath an Urláir (40bl), Bn. Uas. Anne Marie Monagle, Gleann Gad (30ybl), An tUas. Hugo Boyle, Carraig Airt (30bl), An tUas. Denis Gallagher, Beart (30bl), An tUas. John Quinn, Bealach Féich (30bl), An tUas. Brian Spain, Stiúrthóir na Seirbhíse Cosanta, An Roinn Cosanta, An tUas. Bill Smith, Ard-Stiúrthóir, Cosaint Shibhialta, Ros Cré, Chun tosaigh, Bn. Uas. Rose Mc Namee, Leitir Ceanainn (40bl), Bn Uas. Jackie Mc Crudden, Beart (30bl) An tUas. Paul Kehoe, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta, TD, Bn Uas. Edel Flynn, Bealach Féich, Oifigeach Cosanta Sibhialta (30bl), Bn Uas.. Ita Wilkie, Leitir Ceanainn (30bl)

 

Dé hAoine seo caite (21 Samhain), bhronn an tAire Stáit ag an Roinn Cosanta boinn fadseirbhíse ar 10 n-oibrí dheonacha as Dún na nGall mar aitheantas ar an seirbhís atá tugtha acu do Chosaint Shibhialta Dhún na nGall, ag searmanas bronnta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.  Bronnadh na boinn mar in aitheantas ar sheirbhís de 30, 40, agus 50 bliain leis an Chosaint Shibhialta.

 

Bhí na hoibrithe deonacha as Dún na nGall i measc chóir a bheith 300 Oibrithe Deonacha de chuid na Cosanta Sibhialta ó go leor ceantracha sa tír a bhí i láthair le haghaidh bhronnadh na mbonn fadseirbhíse.

 

I measc na ndaoine as Dún na nGall a fuair bonn bhí An tUas. Joe Breslin, Tamhnach an tSalainn, (30bl), An tUas. James Dolan, Srath an Urláir,  (40bl), Bn Uas. Anne Marie Monagle, Gleann Gad, (30bl), an tUas. Hugo Boyle, Carraig Airt, (30bl), An tUas. Denis Gallagher, Beart (30bl) ,An tUas. John Quinn, Bealach Féich, (30bl), Bn Uas. Rose Mc Namee, Leitir Ceanainn, (40bl), Bn. Uas. Jackie Mc Crudden, Beart, (30bl) Bn. Uas. Ita Wilkie, Leitir Ceanainn, (30bl) agus Bn. Uas. Edel Flynn, Bealach Féich, Oifigeach Cosanta Sibhialta (30bl).

 

Bronnadh na boinn seo in aitheantas ar na blianta fada de sheirbhís dheonach atá tugtha ag na daoine seo dá gcuid pobal féin.  Tá baill reatha de chuid na Cosanta Sibhialta, chomh maith le baill atá éirithe as, i dteideal na boinn seo a fháil ach an tseirbhís chuí a bheith déanta acu.

 

Seo mar a labhair an tAire Stáit Paul Kehoe TD ag an ócáid, 'Thar ceann an Rialtais, tá lúcháir orm a bheith in ann ómós a thabhairt don oiread seo daoine a bhfuil seirbhís 30, 40 agus fiú 50 bliain tugtha acu don Chosaint Shibhialta agus dá bpobal áitiúil. An eagraíocht nua-aimseartha, ard-oilte agus lánfheistithe atá i gCosaint Shibhialta an lae inniu, ní aithneofaí sin nuair a chláraigh na hoibrithe seo ar bronnadh boinn orthu leis an eagraíocht don chéad uair.   Ní raibh leisce ar bith riamh ar Chosaint Shibhialta roimh athrú a dhéanamh, agus lean siad orthu ag dul chun cinn de bharr na mór-athruithe a tharla síos fríd na blianta. Rinneadh an dul chun cinn sin a bhuíoch do gach duine atá cruinnithe anseo inniu, agus tá súil agam go leanfar leis.  Ó thaobh an Rialtais de, leanfaidh muid linn ag cinntiú go mbeidh gach tacaíocht atá riachtanach lena gcuid oibre a dhéanamh ar fáil dóibh.'

 

Agus é ag caint i ndiaidh na hócáide, rinne an Clr. John Campbell, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, comhghairdeas leis na hoibrithe deonacha a fuair na gradaim fadseirbhíse seo, agus ar seisean "tá sárobair déanta ag gach duine de na hoibrithe deonacha seo ar son a bpobail agus ar son a dtíre.  Is eiseamláir iad ar cad is obair dheonach ann, agus tá lúcháir ormsa go bhfuil aitheantas á fháil acu, tríd na gradaim fadseirbhíse seo, as an dúthracht agus as an díograis atá curtha isteach acu lena gcuid pobal a choinneáil slán sábháilte."

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO