Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An Aisling Mheiriceánach fíoraithe i gCaisleán na

An Aisling Mheiriceánach fíoraithe i gCaisleán na Finne

Whitehouse Garden

 

 Baill de CPI, DLDC Leader agus Comhairle Contae Dhún na nGall le hUachtarán Therese Murray ag an oscailt. 

 

Rinneadh Gairdín Síochána an Tí Bháin a oscailt go hoifigiúil i gCaisleán na Finne Dé Sathairn 13 Meán Fómhair, agus ba í Therese Murray, Uachtarán ar Sheanad Stát Massachusetts, a d'fhógair go raibh sé oscailte go hoifigiúil. 

 

Cuireadh maoiniú de €181,865 ar fáil don togra tríd an Chlár Forbartha Tuaithe LEADER de chuid Chuideachta Forbartha Áitiúil Dhún na nGall, le comh-mhaoiniú de thart fá €120k, rud a chiallaíonn gur costas de bhreis agus €300k a bhí ar an togra ar fad.  

 

Is ón Oifig Ubhchruthach a fuarthas an inspioráid don phailliún ubhchruthach. Macasamhail na nGeataí Thuaidh atá sna geataí, agus tagann an inspioráid don ghairdín ó na caidrimh stairiúla idir Mheiriceá agus Éire. Níl anseo ach cuid de na gnéithe ar leith atá le fáil ag Gairdín Síochána an Tí Bháin ag Ionad CPI Chaisleán na Finne.

 

Agus í ag caint ag an oscailt, dúirt an tUachtarán Murray gur chuir an togra an-iontas uirthi agus gur chuir sé leis na féidearthachtaí chun leanúint leis an chaidreamh ar dóigh atá ann idir Éirinn agus Meiriceá. Tá féidearthachtaí oideachasúla leis an phailliún ó thaobh na staire de, mar a bhaineann le hUachtaráin Mheiriceánacha agus Éireannacha, agus beidh sin ina áis ag an phobal agus ag cuairteoirí araon.

 

Labhair Stiúrthoír ar CPI Teo Michael Carlin ag an oscailt chomh maith, agus ghabh sé buíochas le CFÁDG as an tacaíocht a chuir siad ar fáil fríd an Chlár Leader, agus fosta don chuidiú ar fad a thug siad ó cuireadh tús leis an obair ar an Ionad CPI. Labhair sé faoin leas coiteann agus na sinéirgí a bhí ann idir an togra s'acusan agus an teach is cumachtaí ar domhan.

  

"Tá obair ag dul ar aghaidh againn go fóill chun seirbhís speisialtachta staire a fhorbairt laistigh den ionad cuairteoirí. Is é is príomh-aidhm le Gairdín Síochána an Tí Bháin ná ómós a thabhairt do na mílte duine a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe, cuid mhór acu a chuidigh leis an impire sin, mar atá sí sa lá atá inniu ann, a thógáil agus mar ómós don ról a bhí ag Meiriceá sa phróiseas síochána anseo inár dtír féin. Cuireann gach gné den stair, den chultúr agus den ghairneoireacht atá fite fuaite sa togra seo an méid sin i gcuimhne dúinn.

 

"Is é an chéad chéim eile ná na fréamhacha stairiúla idir an dá thír a fhiosrú agus cuntas a bhreacadh síos de na teaghlaigh a d'imigh ón chontae seo chuig an domhan úr". Ghabh sé buíochas fosta le Dermot Gavin as a inspioráid agus as an smaointiú, le Barry Mc Cullagh, Ailtirí, as an smaointiú a chur síos ar phlean, le Gildea Contractors as an ardchaighdeán oibre, agus leis na háisíneachtaí éagsúla maoinithe le roinnt blianta anuas, Coiste CPI agus Comhairle Contae Dhún na nGall as a dtacaíocht leanúnach. Seo mar a labhair an tUas. Jim Slevin, Cathaoirleacht ar CFÁDG Teo., thar ceann lucht maoinithe an togra:

 

"Mar Bhord, bíonn lúcháir i gcónaí ar Stiúrthóirí Chuideachta Forbartha Áitiúil Dhún na nGall cuidiú le pobail áitiúla, agus go háirithe, le grúpaí atá ag forbairt togra caipitil a chuireann go mór le bonneagar an phobail, dálta an togra iontach seo atá á oscailt anseo inniu.  Nuair a thagann an pobal áitiúil le chéile, gualainn ar ghualainn, faoi bhainistíocht mhaith, agus iad i mbun fiontar sóisialta, cuireann seo go mór le cumas na ndaoine agus na dteaghlach ar a bhfuil siad ag freastal. Is iontach na héachtaí is féidir a bhaint amach trí ghníomhartha mar seo go minic. Freastalaíonn tograí mar seo ar riachtanais an phobail ar a bhfuil siad dírithe, agus cruthaíonn siad barainneachtaí scála.

 

Is cruthúnas é Gairdín Síochána an Tí Bháin, togra CPI, ar a éifeachtaí agus atá an pobal áitiúil agus Clár Forbartha Tuaithe LEADER anseo sa chontae, agus ar fud an náisiúin. Tá LEADER ar cheann de na croí-chláracha maoinithe atá á riar ag CFÁDG agus d'imir sé ról mór in athbheochan pobal áitiúil agus in athbheochan an gheilleagair áitiúil i nDún na nGall".

 

Thug Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall, ardmholadh don togra agus do na deiseanna iontacha ar féidir triail a bhaint astu anois mar thoradh díreach ar fhorbairt an togra seo. Ghabh sé buíochas le gach duine a bhí bainte leis an fhorbairt, go háirithe an Coiste CPI, a raibh d'éirimiúlacht agus de chruthaitheacht acu togra den chineál seo a fhorbairt.

 

"Is siombail é an gairdín seo den seanchaidreamh fada buan le Meiriceá Thuaidh agus leoga lenár ndiaspóra ar fud an domhain. Is ónóir mhór é go bhfuil an tUachtarán Seanaid Therese Murray anseo inniu leis an ghairdín seo a oscailt go hoifigiúil, agus tá muid tiomanta go huile is go hiomlán lenár gceangail agus lenár naisc le Massachusetts a choinneáil san am atá amach romhainn. Agus ar seisear "is eiseamláir iontach é an togra seo d'obair leanúnach na Comhairle chun pobail bhríomhara, fhorásacha agus inbhuanaithe a thógáil i nDún na nGall." 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO