Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An Captaen Henry Gallaugher , Fionnúir go Flóndras

An Captaen Henry Gallaugher DSO, Fionnúir go Flóndras

 

Tugann Iarsmalann Chontae Dhún na nGall cuireadh duit a bheith i láthair ag caint a thabharfaidh Declan O'Carroll ar an Chapt. Henry Gallaugher DSO in Iarsmalann Chontae Dhún na nGall Déardaoin 16 Deireadh Fómhair ar 8pm.

 ‌

 ‌Captain Henry Gallaugher DSO 90 x 90

Beidh Declan ag caint faoi óige agus luathshaol Henry Gallaugher i Mainéar Uí Chuinneagáin agus an ceangal a bhí aige le hÓglaigh Uladh. Chuaigh Henry isteach sa 11ú Cathlán den 36ú Rannán Uladh agus fuair a chuid traenála ag Campa Fhionnúrach, Béal Átha Seanaidh. Cuireadh go Flóndras é agus ar aghaidh chuig an Somme, mar ar ghnóthaigh a chuid gaiscí DSO fána choinne. Ag an chath fá choinne Ridge Messines in 1917 cailleadh é agus é i gceannas ar a chuid fear i mbun catha.

 

Cuirfear dlaoi mhullaigh ar an chaint leis na hómóis a tugadh dó sa bhaile agus léifidh Hilary Roulston ceann amháin dá cuid dánta faoin Chapt. Gallaugher.

 

Is iar-Uachtarán ar Chumann Staire Chontae Dhún na nGall é Declan O'Carroll, Col (Rtd) Óglaigh na hÉireann. Tá saothar staire scríofa aige faoi Champa Fhionnúrach, Béal Átha Seanaidh, Áras Chnoc na Carrige, Leitir Ceanainn, Dún Fhraoigh, Cath na Scairbhe Solais 1650 agus beathaisnéis Lt Col James McMonagle, chomh maith le bheith ag scríobh go rialta le haghaidh Bhliainiris Chumann Staire Dhún na nGall agus le haghaidh Iris Nollag Cheantar Leitir Ceanainn.

 

Tá Hilary Roulston ag obair le breis agus dhá bhliain anois le togra Iarshaighdiúirí na hÉireann sa Chéad Chogadh Domhanda arb aidhm leis bunachar sonraí a bhailiú agus a sholáthar d'ainmneacha na n-iarshaighdiúirí ar oileán na hÉireann a liostáil nó a ghlac páirt sa Chéad Chogadh Domhanda.

 

Tá cead isteach saor in aisce agus beidh fáilte roimh achan duine.

 

Tá an chaint seo mar chuid de thaispeántas Iarsmalann Chontae Dhún na nGall 'Ag Cuimhneamh ar an Chéad Chogadh Domhanda - Scéal Dhún na nGall' a bheas ar siúl go dtí mí Eanáir 2015.

 

Fá choinne eolais: Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall.

 

Guthán: 074 9124613 Rphost: [email protected]

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO