Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An tOllamh Mícheál Ó Cinnéide le Léacht Tip Uí Néi

An tOllamh Mícheál Ó Cinnéide le Léacht Tip Uí Néill a thabhairt

 

 

An tOllamh Mícheál Ó Cinnéide le Léacht Tip Uí Néill a thabhairt ag Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill 2014

 

"Traseitiltí Míleata Meiriceánacha, neodracht na hÉireann agus ag réiteach le haghaidh D-Day".  

 

Is é "Traseitiltí Míleata Meiriceánacha, neodracht na hÉireann agus ag réiteach le haghaidh D-Day" an téama a bheas faoi chaibidil ag an Ollamh Mícheál Ó Cinnéide ina léacht speisialta Dé Sathairn 13 Meán Fómhair 2014 ar 11.00am in Ionad Shliabh Sneachta, Droim Fraoigh, Contae Dhún na nGall, mar chuid de réimse imeachtaí atá á reáchtáil le linn Ghradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill.  

 

Tá an tOllamh Ó Cinnéide ina Eagarthóir Feidhmiúcháin ar shraith doiciméad de chuid Acadamh Ríoga Éireann ar Bheartas Eachtrach Éireann.  Is údar é ar réimse leathan leabhar staire ar chúrsaí polaitíochta, taidhleoireachta agus míleata in Éirinn san fhichiú haois, ina measc 'Division and Consensus: the politics of cross-border relations in Ireland 1925 - 69 (Dublin, 2000)' agus 'Guarding Neutral Ireland: The Coast Watching Service and Military Intelligence, 1939 - 45 (Dublin, 2008).  Tá sé ina bhall de Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus de Choiste Acadamh Ríoga Éireann le haghaidh Gnóthaí Idirnáisiúnta agus ina Ollamh Taca Comhlach don Stair ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.  

 

Seo mar a labhair Mícheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Contae Dhún na nGall, atá ag reáchtáil imeachtaí an deireadh seachtaine seo, "Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh an Ollamh Mícheál Ó Cinnéide, atá ina staraí iontach de chuid na hÉireann agus tá muid cinnte go mbeidh léacht thuisceanach shultmhar againn."  

 

Beidh an Léacht ar siúl in Ionad Shliabh Sneachta, Droim Fraoigh, Co Dhún na nGall Dé Sathairn 13 Meán Fómhair 2014 ar 11.00am.

 

Tá an léacht seo oscailte don phobal agus tá sé saor in aisce.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO