Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ardmholadh do Neil Martin

Ardmholadh do Neil Martin mar Chathaoirleach ar na Gradaim Réaltaí Spóirt

Donegal Sports Star

 

An Coiste le haghaidh na nGradam Réaltaí Spóirt i ndiaidh an chruinniú cinn bhliana in Óstán an Mount Errigal.  Sa ghrianghraf ó chlé - Neil Martin, Grace Boyle, Paul Callaghan, Sharon Blake.  Ar chúl ó chlé – Declan Kerr, Bartley McGlynn, Patrick McLaughlin, Gerry Davenport, Alma Curran, Nancy Namee, Seamus Curran and Paul McDaid

 

Ag cruinniú cinn bhliana na bliana seo d’éirigh Neil Martin as a ról mar Chathaoirleach ar an Choiste le haghaidh na nGradam Réaltaí Spóirt, i ndiaidh dó a bheith sa phost ar feadh sé bliana, tréimhse ina raibh an-rath ar an eagraíocht. Is é an chúis is mó lena chinneadh ná go bhfuil sé ceaptha i ról úr i mbun Ardfheidhmíochta le Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann.

 

Chuaigh Neil Martin i mbun gnó mar Chathaoirleach in 2012 agus bhí sé i gceannas le linn do chlú na nGradam Réaltaí Spóirt a bheith ag méadú. Bhí breis agus 600 aoí i láthair ag an ócáid bhliantúil bhronnta i mbliana, atá ar an fhód le 43 bliain.  Is í Grace Boyle a thiocfaidh i gcomharbacht air, duine de na daoine is mó aithne i nDún na nGall.  Bhí sí ina Cathaoirleach ar 10km an Iarthuaiscirt, a raibh an-rath air, agus bhí sí ina ball de choiste feidhmiúcháin Bhord Contae CLG Dhún na nGall.  Tá Grace Boyle ina Cathaoirleach ar Ospís Dhún na nGall i láthair na huaire.

 

Agus é ag labhairt ag an CCB, a reáchtáladh an mhí seo caite in Óstán an Mount Errigal, dúirt Neil Martin gur mhór an onóir é a bheith ina Chathaoirleach le sé bliana anuas, ach chuir sé in iúl fosta gurb iad baill an choiste a chuidigh le Gradaim Réaltaí Spóirt Dhún na nGall a fhorbairt go dtí go raibh sé ar an ócáid is mó dá chineál sa chontae.  “Tá mé i ndiaidh glacadh le ról úr mar Chathaoirleach ar Ardfheidhmíocht le Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann. Beidh orm cuid mhór ama a chaitheamh air sin.  Beidh mé i mBaile Átha Cliath cúig nó sé huaire sa mhí, chomh maith le bheith ar shiúl ag imeachtaí idirnáisiúnta lúthchleasaíochta. Mar sin de, ní bheadh an oiread céanna ama agam don ról mar Chathaoirleach ar Ghradaim Réaltaí Spóirt Dhún na nGall.  Creidim fosta go ndéanfaidh an t-athrú seo maitheas, domh féin agus don eagraíocht.  Tá mé sa phost sin le sé bliana, mar sin de bheadh duine úr chun tairbhe na heagraíochta anois don am atá le theacht” arsa an tUas. Martin.

 

Dúirt an tIar-Chathaoirleach fosta gur éirigh thar barr le hócáid bhronnta 2017. Bhí an áit lán go doras, agus 600 duine i láthair in Óstán an Mount Errigal, áit a raibh Ken Doherty, an réalta idirnáisiúnta snúcair, ina aoi iontach speisialta den chéad scoth, agus bhí tacaíocht an-mhór do Manus Kelly agus Donal Barrett a roghnaíodh mar phríomhbhuaiteoirí.

Le linn a ama i gceannas, ba iad na príomhbhuaiteoirí eile a roghnaíodh ná Karl Lacy, Jason Quigley, Mark English (faoi dhó) agus Sinéad Jennings. Ba iad Billy Walsh, John Delaney, Sean O’Rourke, Maeve Kyle agus Patsy McGonagle na haíonna speisialta eile le linn tréimhse Neil Martin mar Chathaoirleach.  

 

Ghabh Paul McDaid, Rúnaí an Choiste, buíochas leis an Uas. Martin as an obair ollmhór a rinne sé ar son Ghradaim Réaltaí Spóirt Dhún na nGall mar eagraíocht  le linn a am mar Chathaoirleach. Dúirt sé nach ndéanfaí dearmad ar an obair a rinne sé sa phost.  Thacaigh Gerry Davenport, ball eile den choiste, leis an mhéid sin, agus dúirt Patrick McLaughlin, Comhchisteoir, gur phribhléid dó a bheith mar chuid den fhoireann a d’oibrigh faoi cheannasaíocht Neil Martin.

 

Fanfaidh Neil ina bhall den choiste ach beidh air cuid mhór ama a dhíriú anois ar an phost le haghaidh Ardfheidhmíochta le Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann.   Toghadh é sa phost sin ag Comhdháil Chumann Lúthchleasaíochta na hÉireann siar i mí Aibreáin go ceann tréimhse dhá bhliana.

 

Baill den Choiste le haghaidh Ghradaim Réaltaí Spóirt Dhún na nGall 2018 – Grace Boyle (Cathaoirleach); Paul Callaghan (Leas-Chathaoirleach); Paul McDaid (Rúnaí); May Logue (Rúnaí Miontuairiscí); Comh-Chisteoirí (Patrick McLaughlin, Bartley McGlynn); Uachtarán Oinigh An tAth. Michael Sweeney; OCP Declan Kerr; Baill Choiste– Alma Kavanagh, Gerry Davenport, Neil Martin, Nancy McNamee, Seamus Curran, Sharon Curran, Myles Sweeney and John Campbell.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO