Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Athbhreithniú ar Theorainneacha Luais

Athbhreithniú ar Theorainneacha Luais in Eastáit

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a bheith páirteach san athbreithniú atá ar siúl i dtaca le luas tráchta in eastáit tithíochta ar fud Dhún na nGall.

 

Tá sé seo ag éirí as cinneadh na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a d'fhoilsigh ciorclán ar na mallaibh i dtaca le rialú teorainneacha luais sna háiteanna seo. Baineann cuid de seo le deis do Chomhairlí smaointiú ar theorainneacha luais 30km/h a chur i bhfeidhm in eastáit chuí taobh istigh dá limistéir riaracháin féin.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag déanamh athbhreithniú ar theorainneacha luais in eastáit tithíochta agus tá Rannóg Bóithre na Comhairle, mar chuid d'athbhreithniú níos leithne ar theorainneacha luais ar gach bóthar poiblí sa chontae, ag cur sceideal bóithe i dtoll a chéile faoi láthair i gcás na mbóithre ar cuireadh imní in iúl dúinn fá dtaobh dóibh ó thaobh teorainneacha luais de.

 

Tá an Chomhairle ar lorg aighneachtaí i dtaca le haon eastát tithíochta ina bhfuil imní ar an phobal faoin luas atá á dhéanamh ag feithiclí san am i láthair.  

Tá sé i gceist go measfar na háiteanna a aithneofar de réir Treoirlínte úra leasaithe i dtaca le Teorainneacha Speisialta Luais a chur i bhFeidhm, treoirlínte a shíltear a eiseoidh an Roinn Iompair, Turascóireachta agus Spóirt an mhí seo.

 

Is próiseas leanúnach é an t-athbhreithniú ar theorainneacha luais sa chontae ach ba chóir aon aighneacht i dtaca leis an athbhreithniú áirithe seo a chur isteach roimh an Déardaoin 2 Aibreán.

 

Is féidir aighneachtaí a chur chuig: Speed Limit Survey, An Oifig um Dhearadh Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall nó ar ríomhphost chuig:  [email protected]

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO