Beidh bailiúchán de Dhramhaíl Chontúirteach Feirme ar siúl Dé Máirt 11 Samhain ó 9.30am - 3.30pm ag Marglann Ráth Bhoth.
Glacfar saor in aisce le dramhaíl ar nós dramh-olaí agus earraí leictreacha, agus glacfar le cineálacha eile dramhaíola contúirtí, ar chostas €2 / kg, mar shampla lotnaidicídí agus bithicídí atá thar téarma, cógais tréidliachta agus dramhaíl ó chúram sláinte ainmhithe, snáthaidí, steallairí srl. Iarrtar ar fheirmeoirí an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara;
Tá an lá bailiúcháin trialach seo á reáchtáil ag an GCC, Teagasc, An Roinn Talmhaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, WEEE Éireann agus RIALTA Environmental Teo. Cuirfidh an bailiúchán deis iontach ar fáil d'fheirmeoirí fáil réitithe dá gcuid dramhaíl chontúirteach ar bhealach a chosnaíonn sláinte daoine, sláinte beostoic agus an timpeallacht.
Fá choinne tuilleadh eolais ar na táillí etc, déan teagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 91 53900 nó tabhair cuairt ar ár suíomh idirlín nó déan teagmháil leis an GCC ar 1890 33 55 99 nó tabhairt cuairt ar www.epa.ie.
Críoch