Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bealtaine

Féile Ealaíne na Bealtaine ag ceiliúradh ‘beocht i do bhlianta’

Bealtaine

Grianghraf a glacadh le linn oscailt oifigiúil Fhéile na Bealtaine a reáchtáladh ar Bhus Uisce Dhún na nGall ag Cé Bhaile Dhún na nGall. 

 

“Is tábhachtaí an bheocht atá ionat ná na bliantaí atá ionat”, ba shin é an teachtaireacht a bhí ann nuair a seoladh Féile na Bealtaine ar an 8 Bealtaine ar Bhus Uisce Dhún na nGall ag Cé Bhaile Dhún na nGall.  

 

Tá Féile na Bealtaine ar an fhód anois le 22 bliain, agus is féile í a dhéanann ceiliúradh ar na healaíonta agus ar an chruthaitheacht. Is comhpháirtíocht speisialta í idir na glúnta agus bíonn daoine níos sine páirteach agus lárnach ann mar ealaíontóirí, taibhseoirí, eagraithe agus lucht freastail.

 

“Bí i d’aoi againn” an téama atá ann d’fhéile na bliana seo agus bhí sé sin le feiceáil agus le mothachtáil go soiléir ag an seoladh nuair a bhain an lucht freastail an-sult as an radharcra thart ar Chuan Dhún na nGall ón Bhus Uisce, ar a raibh siamsaíocht i bhfoirm scéalaíocht ghreannmhar ar fáil ó na Makey Uppers.  

 

Agus í ag caint faoi Fhéile na Bealtaine, dúirt Rita Chapman: “ Beidh rud éigin ar siúl le haghaidh gach duine sna himeachtaí a bheas ar siúl ar fud an chontae le linn mhí na Bealtaine, ina measc teiripe íomhá sa Lárleabharlann; craoladh scannáin san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn; ceardlanna ealaíne le hAnn Quinn ag Cumann Tithíochta Habinteg i Leifear; agus ceardlann drumadóireachta agus cnaguirlisí i Leabharlann Bhaile na nGallóglach”.  

 

 

Rita Chapman

Rita Chapman, Comhordaitheoir ar Fhéile na Bealtaine ag caint leis an scaifte ag an seoladh oifigiúil.

 

Tá béim á cur fosta ar an aclaíocht agus ar a bheith níos gníomhaí go fisiciúil trí dhul i gcomhpháirt le roinnt spórtlanna (an Aura, Béal Átha Seanaidh agus Gleanntán na Finne) chun lacáistí a chur ar fáil do dhaoine atá os cionn 55 bliana d’aois.  

 

“Is í Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a reáchtálann Féile na Bealtaine i nDún na nGall agus tá se ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí a bhíonn idir lámha againn sa bhliaiin. Níl ann ach gné amháin den obair leanúnach atá ar siúl againn chun seirbhís níos ‘Aois-bháúla’ a chur ar fáil le haghaidh sciar den phobal atá ag dul i méid” a dúirt Leabharlannaí an Chontae, Eileen Burgess, agus í ag caint ag an seoladh.  

 

Tá 95 ócáid agus imeacht ar siúl mar chuid d’fhéile na bliana seo ar fud an chontae agus tá clár imeachtaí ar fáil sna leabharlanna áitiúla, sna hamharclanna agus in ionaid chultúrtha. Fá choinne tuilleadh eolais nó le háirithint a dhéanamh le haghaidh ócáid ar bith gabh i dteagmháil leis an leabharlann áitiúil ar 074 91 53900 nó téigh chuig www.donegalibrary.ie fá choinne tuilleadh sonraí.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO