Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanúint le measúnú a dhéanamh ar an dochar a rinne an fhearthainn throm ar bhóithre Dhún na nGall agus seo a leanas roinnt eolais go dtí seo i dtaca le hInis Eoghain.
R238 Trí Chrann – Smionagar a thabhairt ar shiúl agus Neartú – ag dréim go mbeidh sé ar oscailt do thrácht ó 6pm inniu – trácht aon lána agus soilse tráchta
R238 Cnoc an Choiligh – Smionagar a thabhairt ar shiúl agus Measúnú – Oscailte
R244 Creag na hEorna – Stuaic Chloiche tite – Níl sé seo indéanta sa ghearrthéarma, malairt slí i bhfeidhm.
R240 Cois Abhann – Struchtúr coincréite tite - Níl sé seo indéanta sa ghearrthéarma, malairt slí i bhfeidhm.
R238 Gortaran – Smionagar a thabhairt ar shiúl, Measúnú, Uchtbhalla úr – Oscailte
Tá Seirbhís Farantóireachta an Fheabhail i ndiaidh cur lena seirbhísí go dtí 10pm anocht. Beidh sin ar fáil arís ó 8am ar maidin amárach agus ag leanúint go dtí 10pm san oíche.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ag gach duine a bheith an-chúramach ar na bóithre, go háirithe i dtuaisceart Dhún na nGall.
Má tá aon duine i gceantar Inis Eoghain ar gá leis teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle i dtaca le ceisteanna tithíochta, bóithre nó daonnachta i ndiaidh na dtuilte is déanaí is féidir sin a dhéanamh ar: 074 91 53900 nó i ndiaidh uaireanta oifige ar 074 91 72288.
Coinnigh ar an eolas trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó Twitter @DonegalCouncil