Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bóithre agus Tuilte

Nuacht i dtaca le Bóithre agus Seirbhísí do cheantracha inar tharla tuilte

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall an t-eolas seo a thabhairt i dtaca le ceantracha inar tharla tuilte.

 

Táthar ag súil go mbeidh an bóthar idir Rinn Uí Choigligh agus Magh ar oscailt arís inniu ó 6pm, ag úsáid lána amháin agus soilse tráchta.

 

Tá muid ag iarraidh ar gach duine atá ag taisteal ar na bóithre i dtuaisceart Dhún na nGall a bheith an-chúramach go fóill.

 

Má tá aon duine i gceantar Inis Eoghain ar gá leis teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle i dtaca le ceisteanna tithíochta, bóithre nó daonnachta i ndiaidh na dtuilte is déanaí is féidir sin a dhéanamh ar: 074 91 53900 nó i ndiaidh uaireanta oifige ar 074 91 72288.

 

Cuirfidh an Chomhairle scipeanna agus/nó díthaisirí ar fáil d’fhoirgnimh a scriosadh sna tuilte. Arís, gabh i dteagmháil linn ar 074 91 53900 nó i ndiaidh uaireanta oifige ar 074 91 72288 má tá ceann de dhíth ort.

 

Tá tugtha le fios don Chomhairle go bhfuil an Scéim Cúnamh Daonnachta á cur i bhfeidhm ag an Rialtas, scéim atá ar fáil chun cuidiú le daoine a bhfuil a gcuid tithe scriosta ag tuilte agus nach bhfuil d’acmhainn acu íoc as na costais d’earraí riachtanacha, earraí tí agus, i roinnt cásanna, do dheisiúcháin struchtúrtha. (Déantar tástáil acmhainne ar an scéim agus ní thugtar cúnamh do chaillteanais atá clúdaithe ag árachas, ná ní thugtar cúnamh do chaillteanais ghnó ná tráchtála). Fá choinne tuilleadh eolais féach anseo

 

Tá an Roinn Coimirce Sóisialta ag iarraidh orthu siúd a bhfuil cuidiú de dhíth orthu bualadh isteach chuig a gcuid oifigí ach iad siúd nach bhfuil in ann taisteal is féidir leo dul i dteagmháil leis an oifig Intreo i mBun Cranncha ar (074) 9364600 nó i mBealach Féich ar (074) 9130490.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO