Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Briseadh ó Íocaíochtaí Tithíochta

16 Aibreán 2020 - COVID-19 Briseadh Aisíocaíochta d’Iasachtaí Tithíochta ar fáil d’Iasachtaithe na n-Údarás Áitiúil

 

DCC Logo

 

Briseadh Aisíocaíochta d’Iasachtaí Tithíochta ar fáil d’Iasachtaithe na n-Údarás Áitiúil

 

 

Tá sé deimhnithe ag an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an tUasal Eoghan Murphy T.D go bhfuil scéim Briseadh Íocaíochtaí Morgáiste de thréimhse trí mhí curtha i bhfeidhm do tháirgí Morgáiste na n-Údarás Áitiúil.

 

Is féidir le hiasachtaithe a bhfuil iasachtaí tithíochta ón Údarás Áitiúil acu, iarratas a chur isteach do bhriseadh íocaíochtaí morgáiste ar feadh tréimhse trí mhí más rud é go bhfuil deacrachtaí airgid acu mar gheall ar ghéarchéim COVID-19.

 

Ciallaíonn sé seo nach ndéanfaidh siad íocaíochtaí morgáiste ar bith ar feadh trí mhí. Ní dhéanfar ús breise a fhabhrú ar chuntas an iasachtaí le linn na tréimhse. Beidh aisíocaíocht mhíosúil i ndiaidh an bhriste níos airde sa dóigh agus go ndéanfar an iasacht iomlán a íoc ar ais thar thréimhse reatha na hiasachta. Baineann sé seo le táirgí uile iasachta tithíochta ón Údarás Áitiúil.

 

Tá an fhoirm iarratais agus na ceisteanna coitianta le fáil ag na naisc thíos:

 

 (NB: tá an Chomhairle ag fanacht ar leagan Gaeilge de na foirmeacha seo teacht ón Roinn. Tá curtha in iúl dúinn go bhfuil siad á n-aistriú san am i láthair) 

Le tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an Rannóg Iasachtaí Tithíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9172587 nó trí ríomhphost ag [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO