Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > C19 Soláthar Seirbhísí Comhairle

Covid-19 Soláthar Seirbhísí na Comhairle

Covid-19 Soláthar Seirbhísí na Comhairle

29ú Márta 2020

Socruithe maidir le soláthar seirbhísí na Comhairle ón Luan ar aghaidh de bharr tuilleadh srianta atá á dtabhairt isteach chun dul i ngleic le COVID-19.

 

D’fhógair an Taoiseach tuilleadh srianta maidir leis an víreas COVID-19 oíche Aoine seo a chuaigh thart. Tá sé i gceist ag an Chomhairle cloí go hiomlán leis na srianta seo agus moltar d’achan duine iad a leanúint agus tacú leis an iarracht náisiúnta atá ar bun cur in éadán an vírís. Léironn sé seo cé chomh dáiríre agus atá sé nuair a d’athraigh an cur chuige go radacach ó bhí oíche Mháirt seo a chuaigh thart ann agus níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air sin.

 

Tá impleachtaí na srianta úra seo pléite ag Foireann Bainistíochta Géarchéime na Comhairle agus deir siad ar thaobh amháin go mbeithfear ag cloí leis na srianta agus ar an taobh eile, go mbeithfear ag cinntiú go dtig leanúint ar aghaidh ag cur na seirbhísí riachtanacha/criticiúla ar fáil don phobal.

 

Beidh áitribh phoiblí na Comhairle a bhí ar oscailt go dtí seo á ndruid ón lá amárach, 30ú Márta 2020 go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Beidh ár bhfoireann go fóill ag obair, áfach, sna háitribh seo agus in áitribh agus láithreacha éagsúla ina bhfuil obair riachtanach ar siúl iontu. Leanfaidh an fhoireann ar aghaidh le hobair riachtanach/éigeandála ar nós soláthar uisce agus séarachais, cur amach tinte, spásanna poiblí a choinneáil glan agus seirbhísí gan dídean a chur ar fáil. Níl anseo ach roinnt samplaí den obair leanúnach a chaithfidh an Chomhairle a dhéanamh.

 

Níl an méid seo ag cur isteach ar chumas na Comhairle déileáil le cásanna éigeandála ag an am seo. Is í an aidhm atá againn ná cinntiú go bhfuil soláthar leanúnach seirbhísí ar fáil don phobal. Más rud é go n-athraíonn cúrsaí, cuirfidh muid an pobal ar an eolas maidir leis na himpleactaí agus cuirfidh muid an t-eolas agus treoir chuí ar fáil dóibh.

 

Is féidir le cúrsaí athrú i bhfaiteadh na súl mar a chonaic muid an tseachtain seo ach tá an Chomhairle ag iarraidh cur ina luí ar an phobal go bhfuil taithí na mblianta acu ag déileáil le cásanna agus imeachtaí as an ghnáth agus leanfaidh baill agus foireann na Comhairle leis an obair ar mhaithe le leas na ndaoine

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO