I ndiaidh gur éirigh chomh maith leis an cheardlann chun cuidiú le gnólachtaí i nDún na nGall ullmhú don Bhreatimeacht trí iad a ullmhú le haghaidh custam, tá an Oifig Fiontair Áitiúil i nDún na nGall i ndiaidh dhá cheardlann eile a eagrú sna seachtainí amach romhainn, mar atá Ag Ullmhú do Ghnólachta le haghaidh Custam - Ag Ullmhú don Bhreatimeacht.
Fuarthas aiseolas iontach dearfach ón chéad cheardlann a reáchtáladh i mí Mhárta, ag a raibh 30 gnólacht áitiúil ag obair ar na sé chéim atá le déanamh chun a gcuid gnólachtaí a ullmhú le haghaidh Custam i ndiaidh an Bhreatimeachta, agus ós rud é go bhfuil an t-éileamh chomh hard sin, tá imeachtaí breise beartaithe anois ar an Mháirt 16 Aibreán i Leitir Ceanainn, agus Déardaoin 9 Bealtaine i Solis Loch Iascaigh, Dún na nGall.
Gnólachtaí i nDún na nGall a bhfuil sé i gceist acu earraí a bhogadh ó, chuig, nó fríd an Ríocht Aontaithe i ndiaidh an Bhreatimeachta, moltar dóibh iad féin a ullmhú trí bheith ag freastal ar an cheardlann ghníomhach aon lae, ach ós rud é go bhfuil bhfuil éileamh mór ar líon teoranta áiteanna iarrtar orthu a chinntiú go gcuirfidh siad áit in áirithe in am maith.
Tá ráite go láidir ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall go bhfuil an cheardlann oscailte do ghnólachtaí ó gach earnáil.
“Má fhágann an Ríocht Aontaithe an tAontas Custaim agus an Margadh Singil, déanfar ‘Tríú Tír’ di i dtaca le cúrsaí custaim de. Ag an cheardlann seo, is féidir le gnólachtaí foghlaim faoin tionchar, faoi na rudaí foirmeálta agus faoi na nósanna imeachta a mbeidh orthu a chur san áireamh nuair a bheas siad ag trádáil le tír atá taobh amuigh den Mhargadh Singil agus den Aontas Custaim (‘Tríú Tír)” a dúirt Mícheál Mac an tSionnaigh, Ceannasaí Fiontraíochta i nDún na nGall.
Dúirt sé chomh maith go bhfuil an cheardlann lán-mhaoinithe ag an Roinn Gnó, Fiontraíochta agus Nuálachta trí Fiontraíocht Éireann, agus is é BDO Éireann a dhéanfaidh an cheardlann thar ceann na nOifigí Fiontair Áitiúil.
“Clúdóidh sé réimsí ar nós cad iad na nósanna imeachta easpórtála agus iompórtála a bheas i bhfeidhm, cad é mar a oibríonn taraifí, agus cén dóigh le hearraí a aicmiú mar is ceart.
Tá an cheardlann oscailte do ghnólachtaí ó gach earnáil agus is é is cuspóir leis ná cuidiú le gnólachtaí i nDún na nGall tuiscint a fháil ar an mhéid seo a leanas:
Próiseas an Oibritheora Eacnamaíochta Údaraithe (AEO)
An Próiseas Riaracháin i dtaca le nósanna imeachta iompórtála agus easpórtála.
Foirmeáltachtaí custaim ag teorainneacha
Taraifí agus a dtionchar ar chostais
Nósanna imeachta iompórtála, amhail an Próiseas um Dhearbhú Leictreonach agus an Phróiseáil Uathoibríoch Iontrála (AEP)
Tá áirithintí á ndéanamh go gasta, mar sin de ba chóir d’aon ghnólacht a bhfuil suim acu ann scairt a chur, nó clárú ar líne, ar: localenterprise.ie/donegal or call the office on 0749160735
Tá tacaíocht á fáil ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall trí chomh-mhaoiniú ó Rialtas na hÉireann agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 2014-2020. Chun teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Fiontair Áitiúil i nDún na nGall, lógáil isteach ar www.localenterprise.ie/donegal or cuir scairt ar 0749160735.