Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Clár Feabhsú Pobail

20/05/19 Iarratais á lorg don Chlár le haghaidh Feabhsú Pobail

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) ar lorg iarrataisí le haghaidh cláir a chuireann maoiniú ar fáil do phobail in Éirinn.

 

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an tUas. Michael Ring TD go raibh an Clár le haghaidh Feabhsú Pobail (CFP) seolta agus go bhfuil maoiniú de €4.5 milliún ar fáil go náisiúnta.

 

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chuireann an maoiniú ar fáil don Chlár le haghaidh Feabhsú Pobail agus cuirfear maoiniú ar fáil in 2019 chun na háiseanna atá ar fáil do phobail a fheabhsú. Is é seo an dara bliain den chlár, agus leagann sé béim ar thacaíocht a thabhairt do ghrúpaí i gceantracha atá faoi mhíbhuntáiste.

 

Seoladh an Clár le haghaidh Feabhsú Pobail den chéad uair in 2018 agus tugadh maoiniú do 145 togra ar fud Chontae Dhún na nGall.   Is é €159,461 an ciste a bheas ar fáil do Dhún na nGall in 2019 agus is é an Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) a dhéanfaidh é a bhainistiú.   Tá dhá dheontas ar fáil - deontas beag caipitil idir €500-€1,000 agus deontas mór caipitil idir €7,000 - €21,892.

 

Is é a dúirt an tAire Ring: “Tugann an Clár nua seo tacaíocht fhíorthábhachtach do ghrúpaí pobail chun cuidiú leo a gcuid áiseanna a fheabhsú. Tacaíonn sé le maoiniú ar scála beag fá choinne tograí ar nós lomairí féir agus trealamh teicneolaíochta faisnéise go dtí athchóirithe beaga ar fhoirgnimh.  Ar deireadh thiar, freagraíonn an Clár do riachtanais aitiúla agus cuireann sé maoiniú ar fáil le haghaidh tograí níos mó fosta”.

 

Mhol an Clr. Martin McDermott, Cathaoirleach ar CFPÁ Dhún na nGall do gach Grúpa Pobail iarratas a dhéanamh agus dúirt sé: “Ligeann an clár seo do ghrúpaí pobail an obair luachmhar atá á dhéanamh acu ar son daoine eile i gceantracha áitiúla ar fud an chontae a chur i gcrích.  Bíonn tionchar suntasach ag an Clár le haghaidh Feabhsú Pobail.  I measc na bhfeabhsúchán tipiciúil a rinneadh faoin chlár anuraidh, ceannaíodh trealamh nó ábhair, rinneadh feabhsúcháin in áiteanna poiblí i mbailte agus i sráidbhailte, soláthraíodh ceamaraí slándála agus dífhibrileoirí, agus cuireadh i bhfeidhm roinnt tograí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh.

 

Is é 5pm Déardaoin 30 Bealtaine 2019 an lá deireanach a ghlacfar le hiarratais.

 

Fá choinne tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais gabh anseo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO