Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhairle Bhun Cranncha - Cuntas Gairid ar a Stair

Comhairle Baile Bhun Cranncha - Cuntas Gairid ar a Stair

 

Dé Céadaoin na seachtaine seo (15 Deireadh Fómhair), seolfaidh an Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Nicholas Crossan, leabhrán léirithe, atá curtha i dtoll a chéile ag Seirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall, a insíonn scéal Chomhairle Ceantair Uirbeach / Chomhairle Baile Bhun Cranncha agus an obair a rinne sí le baile mór Bhun Cranncha a fhorbairt le breis agus céad bliain anuas.

 

Is é is teideal don leabhrán seo Bun Cranncha - Cuntas Gairid ar a Stair‌.

 Buncrana Town Council Book Cover

Sa réamhrá uaidh deir iar-Mhéara Bhun Cranncha, Peadar Mac Lochlainn go bhfuil 'bailiúchán cartlainne Chomhairle Ceantair Uirbeach / Chomhairle Baile Bhun Cranncha, arna liostú agus arna chothabháil ag Cartlann Chontae Dhún na nGall, ar cheann de na bailiúcháin is tábhachtaí dá leithéid sa tír.  Tá tábhacht stairiúil leis, go háitiúil agus go náisiúnta, agus tá sé fíorthábhachtach go gcaomhnófar an bailiúchán agus go gcuirfear ar fáil é don phobal, san am i láthair agus do na glúnta atá le teacht'.

 

Agus ar seisean chomh maith 'Tugann an foilseachán seo achoimre ar luathbhlianta na Comhairle, tá cuid de na doiciméid is spéisiúla ó thaobh na staire de ar taispeáint ann, agus tugann sé blaiseadh don léitheoir faoin éagsúlacht mhór oibre agus faoin réimse mhór oibre a bhí ar bun ag baill foirne agus ag comhaltaí Chomhairle Bhun Cranncha ar mhaithe le Bun Cranncha le breis agus céad bliain'.

 

Beidh an seoladh ar siúl ar 2pm Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair in Oifigí Chomhairle Baile Bhun Cranncha.  Tá Comhairle Baile Bhun Cranncha - Cuntas Gairid ar a Stair‌ar fáil anseo nó thig leat cóip den leabhrán a fháil ó Niamh Brennan, Cartlannaí, An tSeirbhís Cartlainne, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear, Contae Dhún na nGall Guthán: +353 74 9172490, E-Mail: [email protected]

 

Lean Seirbhís Cartlainne na Comhairle ar Facebook

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO