Comhairleoirí Contae Dhún na nGall ag tacú le Glantachán Mór Dhún na nGall i mbliana.
Sa ghrianghraf, ó chlé: Suzanne Bogan, Oiigeach Feasachta Dramhaíola,
An Clr. Máirtín Ó hEaraile, An Clr. Pádraig Mac Gabhann, An Clr. Ailbéard Ó Dochartaigh,
An Clr. Seán Mac Cathmhaoil, An Clr. Tom Conaghan, An Clr. Toirealach Ó Sluaigh,
An Clr. Pól Ó Cainin, An Clr. John Seamais Ó Fearraigh, An Clr. Noel Jordan,
An Clr. Gearóid Mac Crábhagáin, An Clr. Séamus Ó Domhnaill, An Clr. Liam Ó Bléanaigh,
An Clr. Gearaí Ó Dochartaigh, Mícheál Mac Gairbheith, Stiúrthóir Seirbhíse,
An Clr. Jeaic Ó Muirí, An Clr. Nicholas Crossan. Ina suí, An Clr. Marie
Therese Ní Ghallchóir, An Clr. James Pat McDaid, An Clr. Gearóid Mac Maonghail
Agus an Clr. Mícheál Mac Giolla Bhríde.
Tá Comhairleoirí Contae Dhún na nGall ag tabhairt lántacaíochta do na céadta oibrí deonach ar fud an chontae atá ag glacadh páirte i nGlantachán Mór Dhún na nGall i mbliana.
Dúirt an Cathaoirleach, An Clr. Toirealach Ó Sluaigh go bhfuil ardú meanman le brath i measc an phobail ar fud Dhún na nGall le roinnt seachtainí anuas agus gur iontach an rud é sin. Tá na céadta duine amuigh faoin spéir ag glanadh suas a gcuid bailte agus sráidbhailte, bóithre isteach, cúlbhóithre agus mar sin de. “Tá lúcháir orainn go bhfuil an pobal ag glacadh páirte go fonnmhar i nGlantachán Mór Dhún na nGall i mbliana” ar seisean.
Bhí glantacháin suas ar fud an chontae an tseachtain seo caite, ina measc sin go leor glantachán i gceantar Leitir Ceanainn amhail Both Choirill, a raibh slua breá de bhunadh na háite páirteach ann. Bhí ceantracha Loughannon agus Míne Tuathail clúdaithe sa ghlantachán agus lean sé chomh fada leis an chairéal ag Calhame.
Beidh glantacháin suas ag leanúint i rith an deireadh seachtaine ar an Chraoslach, An Clochán Liath, An Machaire agus Baile na Finne.
Amárach (Dé hAoine) beidh glantacháin ar siúl sna Gleannta agus i gCarn Domhnach agus táthar ag dréim le slua mór sa dá bhaile.
Tá glantachán eile beartaithe do Cheathrú Meánach ar an 22 Aibreán 2017.
Táthar ag iarraidh ar lucht tiomána a bheith ag tiomáint níos cúramaí nuair a tchífidh siad glantachán ar siúl.
Aon duine a bhfuil suim acu glantachán a reáchtáil ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis an Chomhairle ar 074 91 53900, nó iarratas a dhéanamh ar líne ag www.donegalcoco.ie . Cuirfidh an Chomhairle málaí, miotóga, agus piocairí bruscair ar fáil, agus is féidir linn socruithe a dhéanamh le bruscar a thógáil nuair a bheas sé curtha isteach i málaí.
Is féidir leat clárú le Glantachán Earraigh Náisiúnta an Taisce fosta trí scairt a chur ar (01) 400 2219 nó ag www.nationalspringclean.org.