Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhairleoirí Inis Eoghain

Cruinniú ag Comhairleoirí Inis Eoghain leis an Aire Donohue

Cockhill Bridge 379 x 269

Droichead reatha Chnoc an Choiligh i mBun Cranncha

 

Bhuail toscaireacht de Chomhairleoirí Cheantar Bardais Inis Eoghain leis an Aire Pascal Donohue T.D. Aire Iompair, Turasóireacha agus Spóirt inné i mBaile Átha Cliath.   

Chuir an toscaireacht cás chun tosaigh i dtaca le droichead úr a thógáil ag Cnoc an Choiligh, Bun Cranncha. Leag siad béim ar shábháilteacht do shiúlóirí agus d'fheithiclí, rochtain a bheith ag daoine fríd Inis Eoghain Thiar agus forbairt an cheantair, chomh maith le Slí an Atlantaigh Fhiáin. Chuir siad béim chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le suíomh an droichid mar go bhfuil sé suite ar an áit a mbeidh na Bóithre Faoisimh úra, laistigh agus lasmuigh, do Bhun Cranncha.

 

Meastar go gcosnóidh sé €3 mhilliún leis an droichead úr a thógáil, agus táthar ag dréim an costas seo a spré thar thréimhse dhá bhliain.

 

Thug an tAire cluas le héisteacht iontach dearfach don toscaireacht agus is maith a thuig sé agus ar ghlac sé leis na dúshláin atá roimh an cheantar, agus is mian leis infheistiú sa cheantar ar dhóigh phleanáilte ó taobh cúrsaí iompair agus turasóireachta de. D'aithin sé go bhfuil gá le feabhsúcháin ar na bóithre agus ar an droichead ag Cnoc an Choiligh, agus d'iarr sé roinnt eolas breise sula ndéanfadh sé cinneadh deiridh.

 

Tá sé i gceist ag an Chomhairle an t-eolas breise seo a sholáthar le linn mhí Aibreáin.

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO