Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comharthaí Bailte Slachtmhara

Comharthaíocht úr crochta le bua Leitir Ceanainn sa chomórtas bailte slachtmhara a cheiliúradh

 

 

Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn an Clr Gerry McMonagle lena chomhcomhairleoirí, le baill foirne agus le baill Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn agus Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn ag nochtadh oifigiúil na comharthaíochta úire Dé Luain seo caite.

 

Tá an chomharthaíocht úr 'Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn / An Baile is Slachtmhaire in Éirinn' le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhua le gairid crochta in áiteanna breá poiblí ar fud an bhaile.

 

Bhí Méara agus baill tofa de chuid Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, chomh maith le hionadaithe ó Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn, An Cumann Tráchtála áitiúil, agus oifigigh de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, i láthair Dé Luain leis an chomharthaíocht seo, a úsáidfear le fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig an bhaile is slachtmhaire in Éirinn, a nochtadh go hoifigiúil.

 

Tugann sé aitheantas chomh maith d'obair chrua an Choiste áitiúil Bailte Slachtmhara agus coistí áitritheoirí as an ghradam seo a bhaint amach.

 

Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn An Clr. Gerry McMonagle (an dara duine ó chlé) in éineacht le comhairleoirí eile (c-d): James Pat McDaid, Jimmy Kavanagh, Liam Blaney, Ian McGarvey agus Michael McBride ag nochtadh oifigiúil na comharthaíochta úire i dtaca le Baile Slachtmhar Leitir Ceanainn Dé Luain seo caite.

 

Dúirt an Clr. Gerry McMonagle, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn gur vóta muiníne sa bhaile mhór a bhí sa chomharthaíocht úr agus aitheantas fosta don obair ar fad a rinneadh leis na blianta leis an bhua iontach seo a bhaint amach. 

 

Agus dúirt sé chomh maith go rabhthas ag súil go gcuideodh an bua le tuilleadh cuairteoirí a mhealladh chuig an cheantar agus go spreagfadh sé daoine leis na caighdeáin a baineadh amach in 2015 a chothabháil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO