Bhí ionadaí ó Chomhairle Contae Dhún na nGall i láthair ag comhdháil mhór a reáchtáladh do pháirtnéirí an Bhealach Cool ar an 21 agus 22 Aibreán i nGlaschú. Tá an togra dírithe ar an tseoltóireacht agus ar fhorbairt An Bhealach Cool ó Chorcaigh, suas cósta iomlán iarthar na hÉireann go dtí an Iorua agus go hOileáin Fharó. Is lánpháirtnéir é Comhairle Contae Dhún na nGall agus is comhpháirtnéir é Turasóireacht Dhún na nGall Teoranta.
I measc na réimsí a ndearnadh plé orthu bhí: úsáid na margaíochta digití le haird a tharraingt ar thogra an Bhealach Cool, pleananna lóistíochta, staidéar anailíseach ar bhearnaí, bainistiú ginearálta an togra, obair ar phlean gnó, féidearthachtaí a ghabhann leis an earnáil seoltóireachta in achan réigiún, an obair go dtí seo ar an Phlean Margaíochta don Bhealach Cool, an gné teicneolaíochta a bhaineann leis an togra, tuairiscí ó na réigiúin éagsúla, agus deiseanna úra gnó le haghaidh go leor tionsclaíochtaí (turasóireacht, cultúr, oidhreacht, fáilteachas etc).
Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl i nDoire i mí Dheireadh Fómhair 2016.