Tá An Chéad Chogadh Domhanda agus a thionchar ar Dhún na nGall á léiriú ag Ionad Oidhreachta Monreagh in áiteanna éagsúla ar fud Dhún na nGall. Beifear ag díriú ar dhaoine as Dún na nGall a bhí páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda agus beidh cuntais phearsanta ann chomh maith le léargas ginearálta ar imeachtaí na Chéad Chogadh Domhanda.
Ionad Oidhreachta Monreagh, An Carraigín: Dé Luain 8 Meán Fómhair 7.30pm - 9.30pm
Ionad Acmhainne Teaghlaigh Bhaile Dhún na nGall: Dé Máirt 9 Meán Fómhair 7.30pm - 9.30pm
Ionad Acmhainne Bhaile na nGallóglach: Dé Céadaoin 10 Meán Fómhair 7.30pm - 9.30pm
Ionad Ghleannán na Finne, Srath an Urláir: Dé Luain 15 Meán Fómhair 7.00pm - 9.00pm
Ionad Teampaill Chróine, An Clochán Liath: Déardaoin 18 Meán Fómhair 7.30pm - 9.30pm
Cuirfear sólaistí ar fáil - saor in aisce
Fá choinne tuilleadh eolais cuir scairt ar 074 9140708 nó ríomhphost chuig [email protected]
Tá tacaíocht ag an tionscadal seo ón togra Lámha na Staire, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí an AE faoi Chlár an AE um Shíocháin agus Athmhuintearas, atá á bhainistiú ar son Fhoras Chláir Speisialta an AE ag Comhairle Contae Dhún na nGall.