Tá Club Sacair Chláirseacha na Finne i ndiaidh dul i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall arís chun cuidiú le Sábháilteacht Bóthair a chur chun cinn sa Chontae. Thairg Cláirseacha na Finne mórchlár fógraíochta saor in aisce i bPáirc na Finne do Mheitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall le leanúint lena rún aird an phobail a dhíriú ar na contúirtí ar na bóithre.
Trí chomórtas oscailte ealaíne dearfaidh dalta ó cheann de na scoileanna náisiúnta sa chontae an fógra margaíochta um Shábháilteacht Bóthair. Ba iad John Campbell, An Cathaoirleach, agus John McLaughlin, Stiúrthóir Bóithre, a sheol an comórtas go hoifigiúil.
Agus é ag labhairt ag an tseoladh is é a dúirt an Cathaoirleach, John Campbell "Tá muid an-sásta leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag Club Sacair Chláirseacha na Finne cuidiú linn aird an phobail a dhíriú ar na contúirtí ar na bóithre. Cuirfidh an comórtas ealaíne seo go mór leis an fhoghlaim faoi Shábháilteacht Bóthair sna scoileanna agus is duais iontach é don bhuaiteoir a obair ealaíne a bheith ar taispeáint i bPáirc na Finne in áit ina bhfeicfidh achan duine é."
Caithfidh gach iontráil a bheith go hiomlán úr, déanta ag an iarratasóir é nó í féin, agus ba chóir é a bheith ar pháipéar chan níos mó ná A3. Tá mionsonraí á gcur chuig gach scoil náisiúnta sa chontae san am i láthair agus is é an 20 Feabhra 2015 an dáta druidte don chomórtas.
Seo mar a labhair John Campbell, Oifigeach de chuid Chláireacha na Finne le haghaidh Sacar sa Phobal, "Tá lúcháir orainn i gClár Scoileanna Chláirseacha na Finne dul i gcomhpháirt arís le Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ar an fheachtas mór seo i dtaca le Sábháilteacht Bóthair. Ós rud é gur muidne an t-aon chumann sinsearach sacair i nDún na nGall, bímid ag obair le páistí scoile go laethúil agus creidimid gur deis iontach é an Comórtas seo le Sábháilteacht Bóthair a chur chun cinn i nDún na nGall. Is é seo an séú bliain a reáchtáladh an Comórtas seo agus tá muid ag súil go mór le bliain rathúil eile".
Is féidir eolas a fháil faoin chomórtas ó Brian Ó Domhnaill, Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9172403 nó John Campbell, Cláirseacha na Finne ar 087 3872973. Is é an dáta druidte don chomórtas ná 20 Feabhra 2015 agus ba chóir iarratais a chur fríd an scoil chuig: Comórtas Ealaíne um Shábháilteacht Bhóthair, Oifig um Dhearadh Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Co. Dhún na nGall.