Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comórtas na bhFiontraithe Óga

Comórtas na bhFiontraithe Óga

 

 

Chuir an tAire Mitchell O’ Connor fáilte roimh an mhéadú 32% ar iontrálacha IBYE ar fud na tíre.

 

 

Tá sé tugtha le fios ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall go bhfuil an líon is mó riamh de rannpháirtithe i ndiaidh cur isteach ar an chomórtas 'IBYE' i mbliana, le seans a fháil cuid a ghnóthú de chiste infheistíochta áitiúla €50,000.

 

 

Tá 65 iontráil as Dún na nGall ann, dar aois 18-35, i measc na 1,842 iontrálacha as gach cearn den tír atá san iomaíocht i mbliana.

 

 

Is iad na grodchúrsaí gnó an chéad chéim eile sa chomórtas ciste infheistíochta €2 mhilliún, a bheas ar siúl faoi choimirce Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall i lár mhí na Samhna.

Tá ról tábhachtach ag na grodchúrsaí gnó sa chomórtas IBYE, siocair go bhfaigheann rannpháirtithe comhairle gnó, meantóireacht agus cuidiú i dtaca lena moltaí gnó agus a bpitseálacha fiontair a fheabhsú. Bíonn modúil sa ghrodchúrsa sna réimsí seo a leanas: straitéis gnó, samhlacha ioncaim, beartais feidhmíochta, pleanáil agus foinsí airgeadais - atá deartha le cuidiú le níos mó fiontraithe óga a ngnó nó a smaointe le haghaidh gnó, a fhorbairt.

 

Nuair a bheas deireadh leis na grodchúrsaí, is é craobh an chontae an chéad chéim eile sa chomórtas, a bheas ar siúl ar an 30ú Samhain in Ostán an Silver Tassie, Leitir Ceanainn. Tá ciste infheistíochta ar fiú €50,000 é ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall le bronnadh ar sheisear fiontraithe óga sa cheantar i dtrí cinn de réimsí: an Smaoineamh Gnó is Fearr, an Gnó Nuathionscanta is Fearr agus Gnó Bunaithe is Fearr. 

 

Seo an tríú bliain den chomórtas, agus is mó an spéis atá á cur ann gach bliain. Bhí 1,842 iontráil ar fud na tíre i mbliana, méadú 32% ar an 1,398 iontráil a bhí ann anuraidh.

 

 

Chuir an tAire Post, Fiontraíochta agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O'Connor T.D. fáilte roimh an mhéadú suntasach ar líon na n-iontrálacha:

 

 

“Is iad na fiontraithe óga na fostóirí a bheas ann amach anseo. Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil tuilleadh fiontraithe óga i ndiaidh cur isteach ar an chomórtas IBYE i mbliana. Tríd an IBYE, ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh gnólachtaí rathúla mar thoradh ar a nuálaíocht, a bhfís agus a dtiomantas, agus go gcruthófar poist san eacnamaíocht sna réigiúin ar fad. Tugann IBYE deis iontach d'fhiontraithe óga atá ag tosú gnó nó atá níos bunaithe, dul san iomaíocht le haghaidh ciste infheistíochta, teacht ar chomhairle shaineolach gnó agus gréasáin luachmhara a dhéanamh i ngrodchúrsaí fiontraíochta mar ar féidir taithí agus gnó a roinnt”. 

 

“Ar sí chomh maith; "Is acmhainn iontach iad na hOifigí Fiontraíochta Áitiúla ag éinne atá ag smaoineamh ar ghnó a thionscnamh nó a fhás. Tá mé ag dúil le bualadh leis na fiontraithe óga seo le linn an chomórtais".

 

 

Arsa Michael Tunney, Ceann Fiontraíochta in Oifig Fiontraíochta Áitiúil Chomhairle Chontae Dhún na nGall; "seo an líon is mó riamh iontrálacha náisiúnta sa IBYE agus is léir mar sin an cumas féideartha atá ansin i measc an aosa óig is gá a chothú. Táimid dírithe anois ar na fiontraithe óga sin a rachaidh ar aghaidh isteach sna grodchúrsaí agus ar an ghrodchúrsa a dhéanamh oiriúnach do na rannpháirtithe agus dá ngnólachtaí. Beidh teacht ag gach rannpháirtí sa ghrodchúrsa IBYE ar scoth na comhairle, na meantóireachta agus na hoiliúna gnó, a chuideoidh leo dúshláin a shárú agus iad ag iarraidh a ngnó a fhorbairt.”

 

 

Tá sonraí breise maidir leis an chomórtas agus na tacaithe atá ar fáil d'fhiontraithe óga ar fáil ag www.localenterprise.ie agus trí shuíomh idirlín an IBYE ag www.ibye.ie.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO