Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Conarthaí €100m

Luach €100m de mionoibreacha tógála ar tairiscint don earnáil phoiblí

 

Táthar ag iarraidh ar chonraitheoirí i nDún na nGall teacht chuig seisiún eolais maidir leis na creatlacha úra a seoladh an tseachtain seo chun an próiseas tairisceana a chuíchóiriú le haghaidh conarthaí ar luach €100m i dtaca le mionoibreacha tógála ar fud na seirbhíse poiblí ar fad, ina measc 31 údarás áitiúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Oifig na nOibreacha Poiblí, An Roinn Oideachais agus Teagasc. 

 

Tá an seisiún á óstáil ag an Ionad um Sholáthar Oibríochtúil sa Rialtas Áitiúil (LGOCP) agus beidh sé ar siúl Déardaoin 27 Meán Fómhair ar 7pm in Óstán an Clanree, Leitir Ceanainn. 

 

Cuirfear sonraí ar fáil i dtaca leis an chreatlach agus i dtaca leis na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann do ghnólachtaí áitiúla agus tá tacaíocht á fáil ó InterTradeIreland a chuirfidh comhairle ar ghnólachtaí maidir le clárúchán agus taircint a dhéanamh ar www.etenders.ie.  Is deis iontach é seo ag gnólachtaí áitiúla conarthaí seirbhíse poiblí a bhaint ar fud na seirbhíse poiblí in Éirinn.

 

Beidh na creatlacha amuigh ar tairiscint ó mhí Dheireadh Fómhair 2018 agus beidh dhá dheis ag conraitheoirí a bheith páirteach - Mionoibreacha Tógála Cónaithe agus Mionoibreacha Tógála Tráchtála.  Cé go mbeidh an-éagsúlacht sna hoibreacha ó thaobh scóip agus castachta de, táthar ag dréim gur thart fá €50,000 a bheas i gceist le haghaidh oibreacha cónaithe agus thart fá €100,000 i gceist fá choinne oibreacha tráchtála.

 

Is é a dúirt Moira Murrel, Cathaoirleach ar an Bhord le haghaidh Cláir Soláthair sa Rialtas Áitiúil “Tugann earnáil an rialtais áitiúil, mar phríomhpháirtnéir, an deis seo do ghnólachtaí measartha agus beaga in Éirinn sa bhliain 2018. Is deis iontach é seo do ghnólachtaí meánmhéide agus beaga chun conarthaí tábhachtacha a chur i bhfeidhm ar fud na hearnáile poiblí. Meastar gur luacht €100m a bheas na creatlacha agus ba mhaith le hearnáil an rialtais áitiúil an teachtaireacht seo a chur amach i measc conraitheoirí beaga i dtionscal na tógála.

 

“Is deis iontach iad na creatlaigh mhionoibreacha seo le gnó a bhaint ón earnáil phoiblí. Tá siad oscailte do ghnólachtaí atá ag iarraidh a gcéad chonradh a bhaint amach nó dóibh siúd atá ag iarraidh cur isteach ar chonarthaí níos mó nó ar chonarthaí tráchtala. Tá roinnt tacaíochtaí á gcur ar fáil ag earnáil an rialtais áitiúil do ghnólachtaí beaga chun cuidiú leo a bheith páirteach sa phróiseas soláthair seo, ina measc sraith de sheisiúin eolais réigiúnacha.”

 

Tá an seisiún eolais seo ar cheann amháin d’ocht gcinn de sheisiúin eolais réigiúnacha i dtaca leis na creatlacha a bheas ar siúl ar fud na tíre. 

 

Tá doiciméid tacaíochta, sonraí maidir leis na seisiúin eolais agus nasc chun clárú don ócáid ar fail ag www.lgma.ie.  

 

Ba chóir do sholáthróir seirbhísí a gcuid ceisteanna i dtaca leis an Chreatlach a chur chuig Deasc Cuidithe an Ionaid um Sholáthar Oibríochtúil sa Rialtas Áitiúil (LGOPC) ar  [email protected] / 079-1064020.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO