Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cosaint Shibhialta agus an Earagail

Cosaint Shibhialta Dhún na nGall ag tabhairt faoin Earagail

Donegal Civil Defence MND

Baill de Chosaint Shibhialta Dhún na nGall sa ghrianghraf seo le John Cunningham, Ball Cúnta den tSeirbhís Dóitreáin, Cosaint Shibhialta Dhún na nGall;  Ó Chlé go deas; Michael Feeney, Teagascóir, Paidin Doherty, Donal Bonner, Patrick Corr, Denis Gallagher, Phonsie McAteer, Paul Rooney, John McGeoghegan, Terence McLaughlin, Jackie McCrudden, Edel Flynn, Oifigeach Cosanta Sibhialta

 

Tá oibrithe deonacha de chuid na Cosanta Sibhialta ag ullmhú le i ngleic leis an Earagail ar son Ghalar Néarón Luadrach Dé Sathairn 20 Bealtaine 2017.

 

“Tá muid ag tabhairt faoin dúshlán seo le hairgead atá riachtanach a bhailiú fá choinne Chumann Galar Néarón Luadrach i ndiaidh do dhuine dár mbaill fadseirbhíse agus cara linn laistigh den eagraíocht, an tUas. John Cunningham, Carn Domnach, diagnóis a fháil roinnt blianta ó shin’ arsa Edel Flynn, Oifigeach Cosanta Sibhialta Dhún na nGall.

 

“Tháinig John isteach sa Chosaint Shibhialta ar an 15 Feabhra 2007 agus tá sé ina bhall gníomhach ó shin. Ó tháinig sé isteach, bhí John ina eiseamláir ag óg agus aosta, laistigh de Fhoireann Chúnta na Seirbhíse Dóiteáin (FCSD). D’oibrigh sé go crua le stáisiún an FCSC a bhunú i gCarn Domhnach, d’oibrigh sé taobh le taobh le Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall ag tinte aitinn, agus bhí sé ina bhall den foireann náisiúnta chosanta sibhialta um Dhruil Pumpála de chuid an FCSD nuair a bhuaigh siad in 2008’.

 

In aineoinn na diagnóise a fuair sé, leanann John leis mar bhall den Chosaint Shibhialta agus é ag tabhairt seirbhís luachmhar dá phobal ar achan dóigh is féidir.

 

Is galar néareolaíoch é an Galar Néarón Luadrach nach ndéanann aon idirdhealú, thig leis teacht ar dhaoine d’achan aois. Níl aon leigheas air san am i láthair. Téann an galar chun donais ar an duine le himeacht ama. Is galar dlblithe é GNL a bhfuil gá le tuilleadh maoinithe agus taighde fána choinne.  Is dá bhrí sin gur shocraigh Cosaint Shibhialta Dhún na nGall, i ndiaidh dúinn éifeachtaí an ghalair a fheiceáil ar chaighdeán saoil an duine, airgead a thógáil chun tacú leis an taighde leanúnach sin.

 

Ar an 20 Bealtaine beidh Cosaint Shibhialta Dhún na nGall, i gcomhar le baill de Chosaint Shibhialta an Chabháin agus Shligigh, ag tabhairt dúshlán na hEaragaile, sliabh atá 2,464 troith in airde, i  nGaoth Dobhair in Contae Dhún na nGall. Tá sé ar an mhullach is airde de chuid  Shléibhte Dhoire Bheatha i gCo. Dhún na nGall, agus ar an 76ú mullach is airde in  Éire.

 

Más mian le duine ar bith airgead a dheonú is féidir sin a dhéanamh trí dhul i dteagmháil le duine ar bith de na dreapadóirí nó trí logáil isteach ar  idonate nó trí bhualadh isteach i gCeannáras na Cosanta Sibhialta, Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir, nó scairt a chur ar 074 9175665.

 

Tá Cosaint Shibhialta Dhún na nGall ag tathant ar mhuintir Dhún na nGall tacú leis an chúis fhiúntach seo agus cuidiú chun saol duine a athrú.

 

Críoch

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO