Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Daoine Scothaosta

Déanann glórtha na seanóirí áit iontach de Dhún na nGall chun dul in aois ann.

 

Tá An Chomhairle le haghaidh Daoine Scothaosta ag reáchtáil a gCruinniú Cinn Bhliana Dé Céadaoin 23 Eanáir 2019 in Óstán an Mt Errigal ar 11am agus tá cuireadh ag gach duine scothaosta i nDún na nGall a bheith i láthair.

 

Tá Dún na nGall i measc cuid mhór contaetha in Éirinn atá páirteach sa Chlár um Chontaetha Aoisbhá. Tá an Clár um Chontaetha Aoisbhá ag obair chun Éire a chur i measc na n-áiteanna is fearr ar domhan le dul in aois iontu. Tá sé d'aidhm ag an Chlár go mbeidh saol d'ardchaighdeán ag daoine níos sine in Éirinn agus go mbeifear in ann a bheith lánpháirteach i measc an phobail.

 

Bunaíodh an chéad Fheidhmeannas de chuid na Comhairle le haghaidh Daoine Scothaosta i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus is fostruchtúr é de chuid Chomhaontas Aoisbhá Dhún na nGall agus is é an cuspóir is mó atá aige ná cuidiú leis an Straitéis Aoisbhás a chur i bhfeidhm.  Tig ballraíocht an fheidhmeannas as measc ionadaithe de chuid daoine scothaosta agus daoine a oibríonn le seandaoine i gceantracha éagsúla.

 

Is é an Cathaoirleach Séamus Ó Domhnaill a osclóidh an Cruinniú Cinn Bhliana, agus tabharfaidh Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach, agus an Cathaoirleach ar an Chomhaontas Aoisbhá, agus An Comh-Chathaoirleach ar an Chlár Aoisbhá i nDún na nGall, tabharfaidh siad tuairiscí ag an chruinniú. Beidh Fergus Cleary i láthair mar aoichainteoir agus beidh sé ag caint ar a thuras fríd an saol.

 

Deis iontach a bheas ann do Ghrúpaí Seandaoine, Grúpaí Stocaireachta, Daoine Níos Óige agus Níos Sine, agus Seandaoine Leochaileacha, daoine aonaracha nó daoine a thugann guth do sheandaoine i dTithe Altramais nó seirbhísí le haghaidh daoine i nDún na nGall.

 

Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmháil le Mairead Cranley @ 0749153900 nó trí ríomhphost chuig [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO