Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Deontais LEADER

€450 bronnta ar thrí thogra i nDún na nGall faoi LEADER

 

D’fháiltigh an Clr. Máirtín Mac Diarmada, Cathaoirleach ar an Choiste um Fhorbairt Áitiúil i nDún na nGall, roimh an scéala go bhfuil corradh agus €450,000 bronnta ar thrí thogra úra i nDún na nGall ag Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Dhún na nGall faoin Chlár um Fhorbairt Tuaithe de chuid LEADER 2014-2020.

 

Is iad na trí thogra atá i gceist ná páirc Astroturf a fhorbairt i gCill Mhic Réanáin, cur chun cinn na turasóireachta i dtuaisceart Dhún na nGall trí áiseanna sóchampála a fhorbairt ar an Chraoslach, agus seirbhís chairtfhostaithe báid a bhunú i gCionn Mhálanna chun cur le háiseanna turasóireachta sa cheantar.

 

Tá sé de chuspóir ag an Chlár seo de chuid LEADER, a fhaigheann maoiniú ón AE, caighdeán na beatha a fheabhsú i gceantracha tuaithe agus an t-éagsúlú a spreagadh sa gheilleagar i gceantracha tuaithe.   Féachann sé le tacaíocht a chur ar fáil do cheantracha tuaithe, iad a dhéanamh inmharthana agus an saol a fheabhsú.    

 

Go dtí seo, tá 97 dtogra i nDún na nGall ceadaithe le haghaidh mhaoiniú LEADER faoin chlár reatha, a bhfuil luach iomlán de €4.3m leo.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO