Cuid de Bhailiúchán Dhlí na mBocht / Theach na mBocht a bhfuil digitiú déanta orthu i gcomhpháirt leis an chomhlacht ‘Find My Past’.
Tá Cartlann Chontae Dhún na nGall ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana, agus leis an ócáid a cheiliúradh tá fógartha acu go bhfuil an bailiúchán is luachmhaire agus is tábhachtaí atá ar fáil sa Chartlann curtha ar fáil ar líne anois, i gcomhpháirt leis an chomhlacht Find My Past.
Is féidir na doiciméid seo a fheiceáil ar shuíomh idirlín Find My Past. Tá táille le híoc, ach tá tú in ann amharc ar an suíomh SAOR IN AISCE ar ríomhairí poiblí i leabharlanna poiblí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall. Is gá na ríomhairí a chur in áirithe roimh ré.
Tá na doiciméid seo fíorthábhachtach do daoine atá ag déanamh staidéir ar stair áitiúil, ar stair chlainne agus ar stair acadúil na hÉireann, go háirithe ó ré an Drochshaoil go dtí an chríochdheighilt in 1921 agus bunú an tSaorstáit in 1922. Tá pictiúr d’Éirinn sna doiciméid seo atá go hiomlán éagsúil ó Éirinn an lae inniu; an bhochtaineacht agus saol tuaithe, eastáit mhóra na dtiarnaí talún, tionóntaí beo bocht, riail na Breataine, roimh an chríochdheighilt.
Tá scéalta daonna le fáil sna cartlanna, teaghlaigh agus daoine aonaracha a chaith seal i dTeach uafásach na mBocht de bharr easpa dídine agus de bharr na bochtaineachta. Tá spléachadh againn ar shaol na ndaoine ba bhoichte sna clárleabhair agus sna nótaí agus sna taifid a choinnigh na daoine a raibh dualgas orthu cuidiú leis an bhocht; máistrí, matrúin, altraí, póirtéir, freastalaithe, múinteoirí etc; chomh maith le hoibrithe ceirde a rinne obair do thithe na mbocht agus na bailitheoirí rátaí a raibh dualgas orthu cáin a bhailiú le híoc as na daoine bochta a choinneáil.
Bhí tithe na mbocht suite i gCarn Domhnach, na Gleannta, Béal Átha Seanaidh, Baile Dhún na nGall, Baile na nGallóglach, Leitir Ceanainn, Srath an Urláir agus Dún Fionnachaidh. Is as Inis Eoghain a thig an clárleabhar is sine, agus clúdaíonn sé tréimhse iomlán an Drochshaoil. Tá breis agus 900 taifead ann san iomlán.
I measc na dtaifead atá ar marthain ó thithe na mbocht i nDún na nGall tá clárleabhair iontrála agus fágála, agus clárleabhair faoisimh laistigh dóibh siúd a chaith am ina gcónaí i dtithe na mbocht. Tá roinnt clárleabhar caillte le himeacht ama. Le haghaidh liosta iomlán de thaifid ó thithe na mbocht gabh anseo.
Tá Seirbhís Cartlainne Chontae Dhún na nGall suite in Ionad na dTrí Abhainn, Leifear. Thig leat scairt a chur ar +353 74 9172490, rphost a chur chuig: [email protected] nó muid a leanúint ar Facebook agus Twitter. #archives20