Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > DnaG ag nascadh le SAM

Dún na nGall ag nascadh leis na Stáit Aontaithe

DL USA

Sa ghrianghraf ag ócáid in Milwaukee, ó chlé: Gerry Rabbitt- Úinéir Highland Radio, Méara na Gaillimhe - Pearse Flannery, Sarah Meehan - Turasóireacht Dhún na nGall, Noel Dempsy - Cathaoirleacht ar Tradfest, Deirdre Mc Glone - Óstán Harvey's Point, Sheila Russell - Harveys Point agus Barney Mc Laughlin -  Ceannásaí Turasóireachta do Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Ta Turasóireacht Dhún na nGall i ndiaidh críoch a chur le Misean Trádála an-rathúil chuig SAM, agus rinne na hionadaithe plé agus cumarsáid dhearfach le baill den Diaspóra s’againne agus le hOibreoirí Idirnáisiúnta Turais.  Tugadh cuairt ar thrí chathair Mheiriceánach le linn an turais, agus ghlac Turasóireacht Dhún na nGall páirt san Fhéile Éireannach is mó ar domhan.

 

Ba iad Barnaí Mac Lochlainn, Ceannásaí Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Sarah Meehan, Oifigeach Margaíochta le Turasóireacht Dhún na nGall, in éineacht le Deirdre McGlone agus Sheila Russell ó Óstán Harvey’s Point a rinne an turas, a chlúdaigh Nua Eabhrac, Chicago agus Milwaukee. Cuairt aon-oíche a bhí i gceist i Nua-Eabhrac agus Chicago, áit ar reáchtáil na hionadaithe trádála Oíche Mhór Chonallach agus ag a raibh go leor ball den Diaspóra, na meáin áitiúla, agus roinnt Oibreoirí Turasóireachta mór-le-rá in achan chathair. Tugadh cainteanna ag na hócáidí seo ag cur síos ar áilleacht agus ar inrochtaineacht Dhún na nGall agus cuireadh ina luí ar a raibh i láthair go bhfuil Dún na nGall foscailte le gnó a dhéanamh.

 

Is é a dúirt Barnaí Mac Lochlainn, “Bhí buntáiste mór ag baint le bheith in ann bualadh le daoine go pearsanta i gcomhthéacs neamhfhoirmeálta, ó thaobh an teachtaireacht s’againne a chur in iúl dóibh agus teagmháil a dhéanamh le neart oibreoirí turasóireachta. Ar ndóigh, inseoidh an aimsir cén toradh a bheas ar an mhisean seo ach, bunaithe ar an aiseolas dearfach agus ar an tsuim a léiríodh ann, creidimse go mbeidh toradh fiúntach ar na teagmhálacha gnó atá déanta sna blianta fada amach romhainn.’ a lean sé. “D’fhreastail suas le caoga oibreoir ar gach ócáid oíche agus de bharr go raibh deis ag na hoibreoirí gnó seo labhairt le ghnáthbhaill den Diaspóra s’againne, agus iad ag amharc ar íomhánna dochreidte galánta de Dhún na nGall, chuaigh sé sin i bhfeidhm orthu ar dhóigh níos éifeachtaí ná aon straitéis mhargaíochta ná feachtas fógraíochta.”

 

Ba mhaith le Turasóireacht Dhún na nGall buíochas ó chroí a ghabháil le húinéirí an dá ionaid a úsáideadh do na hócáidí oíche seo. Reáchtáladh an ócáid i Nua-Eabhrac i mBeár an Rattle and Hum in Manhattan, beár atá faoi úinéireacht duine arb as Dún na nGall ó dhúchas é, agus Pearsa na Bliana i Nua-Eabhrac faoi láthair, Joe Donagher as Béal Átha Seanaidh. Reáchtáladh an ócáid in Chicago i mBeár agus Bialann an Gage, faoi úinéireacht an Seanadóir Billy Lawless, laoch dochloíte na nÉireannach gan pháipéarachas i Meiriceá.

 

I ndiaidh Chicago, rinne an toscaireacht a mbealach go dtí féile a shíltear a bheith ar an fhéile Éireannach is mó ar domhan. Is é atá i bhFéile Éireannach Milwaukee ná féile trí lá a mbíonn breis agus 130,000 cuairteoir i láthair ann. Reáchtáil Turasóireacht Dhún na nGall seastán eolais le linn na hócáide ar fad sa Limistéar Ceann Scríbe agus cuireadh suim mhór ann i measc daoine atá ag beartú teacht ar thuras go hÉirinn. Tá nós ag go leor Meiriceánach na féilte seo a úsáid mar dhóigh le smaointe a fháil fá choinne turais ata beartaithe acu, agus bhí na baill foirne ar fáil le heolas agus cuidiú a thabhairt dóibh an bealach go Dún na nGall a phleanáil. Thug an fhéile deis do bhaill foirne fosta labhairt le roinnt cuairteoirí mór-le-rá ar an fhéile, ina measc Méara Milwaukee, Tom Barrett agus Aire na hÉireann don Diaspóra Ciarán Cannon.

 

Deis iontach a bhí sa turas seo cuireadh a thabhairt do roinnt oibreoirí turasóireachta agus don Diaspóra atá ag cur fúthu agus ag obair thall i SAM, chomh maith leo siúd a bhfuil ceangal nó dáimh acu le hÉirinn, smaointiú ar theacht chuig ‘An Áit is Cúláilte ar an Phlainéad’ ar thuras dá gcuid féin. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO