Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Dreapadh Chosaint Shibhialta

Airgead tógtha ag Cosaint Shibhialta Dhún na nGall

Civil Defence IMNDA presentation

Grianghraf ón bhronnadh ar IMNDA: Ar chúl ó chlé; Eimear Byrne, Paddy Byrne, Joanne McGroary, (Teagascóir), Paidin Doherty (Ceannásaí Ceantair - Inis Eoghain), Denis Gallagher, (Teagascóir), Ruth Moffett, Pat Flynn, John Quinn, (Ceannásaí Ceantair - Srath an Urláir), Donal Bonner, Sarah McGinty. Chun tosaigh ó chlé: Mrs. Thelma Cunningham, Ms. Edel Flynn, An tOifigeach Cosanta Sibhialta, Mr. John Cunningham, Ms. Lorna Given IMNDA, Ms. Jackie McCrudden (Ceannásaí Ceantair - Leitir Ceanainn).

 

Dé hAoine 15 Iúil, ag ócáid a reáchtáladh i bPríomh-Oifigí na Cosanta Sibhialta, Srath an Urláir, bhronn Cosaint Shibhialta Dhún na nGall seic €4,856.50 ar Lorna Given ó Chumann Galar Néarón Luadrach na hÉireann, ag éirí as airgead a tógadh le linn dreapadh carthanachta. 

 

Ghlac 31 dreapadóir páirt sa dreapadh, agus ina measc bhí baill den Chosaint Shibhialta as Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, Cabhán agus Tiobráid Arann. Reáchtáladh an dreapadh i ndiaidh do bhall amháin fadtéarmach den Chosaint Shibhialta, an tUas. John Cunningham as Carn Domhnach, an galar a thógáil le roinnt blianta anuas.

 

Chláraigh John le Cosaint Shibhialta ar an 15 Feabhra 2007 agus tá sé ina bhall gníomhach ó shin i leith, agus in ainneoin an tinnis atá air tá sé ag leanúint leis mar bhall de Chosaint Shibhialta agus ag cuidiú lena phobal ar achan dóigh agus a thig leis.

 

Ba mhaith le Cosaint Shibhialta Dhún na nGall buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa dreapadh ar an lá agus le gach duine a thug cuidiú le linn na hócáide. 

 

 

Seo a leanas na dreapadóirí ar an lá:

Dún na nGall- Paidin Doherty, Denis Gallagher, Joanne McGroary, Eimear Byrne, Paddy Byrne, Tianan Doherty, Alice Duffy, Edel Flynn, Pat Flynn, Davy Leonard, Phonsie McAteer, Sarah McGinty, Ruth Moffett, Paul Rooney, Paul Dunnion agus Donal Bonner

Liatroim - Brian Sweeney, Patricia Sweeney

Sligeach- Darren McGough,, Brendan McCarrick, Allan McGloin

An Cabhán-  John Maguire, Jackie Eakins, Ciaran McCarthy, Ciara Simmons, Aine McGovern, Crezi Smith

Tiobraid Árann - Malachy Colison, Brian Ely, PJ Graham, Shane Kerwick, Gary Shanahan).

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO