Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Droichead Coise

Fáilte roimh Dhroichead Coise Bhun an Phobail

 

Moville Footbridge 379 x 252

An Clr Martin Farren ar tí an ribín a ghearradh leis an droichead coise úr a oscailt go hoifigiúl. Sa ghrianghraf chomh maith tá (ó chlé):  Charlie McConalogue TD, An Clr Bernard McGuinness agus An Clr Martin McDermott chomh maith le roinnt daoine a bhí páirteach sna tograí agus daoine áitiúla. Grianghraf: Tom Heaney, nwpresspics.

 

Fáiltíodh go mór roimh oscailt oifigiúil an droichid coise úir ag an chomhairleoir áitiúil, Martin Farren, i mBun an Phobail Dé hAoine seo caite.

 

Beidh an droichead úr ina áis don phobal áitiúil agus do bhreis agus 500 scoláire sa choláiste in aice láimhe. Críochnaíodh na hoibreacha uilig in am agus taobh istigh den bhuiséad agus ar ardchaighdeán. Tá obair ealaíonta greanta isteach sa droichead agus cuirfidh sé go mór leis an bhaile.

 

Ghabh an Clr. Farren buíochas le gach duine a bhí páirteach sa togra, agus dúirt sé go mbeadh an droichead ina bhuntáiste mór don cheantar.

 

Ghabh sé buíochas fosta lena chomhleacaithe ar an Chomhairle as deis a thabhairt dó an áis úr a oscailt agus mhol sé baill foirne na Comhairle a raibh lámh acu san obair ó thús an choincheapa go dtí deireadh na n-oibreacha.

 

 

'Go álainn' an cur síos a bhí ag an Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach do Cheantar Bardais Inis Eoghain, Séamus Hopkins, ar an obair ealaíne, agus ghabh an t-ailtire Michael Carr, Carr agus Co, Innealtóir Sibhialta, Bealach Féich buíochas le gach duine a bhí bainte leis an togra.

 

€145,000 an costas a bhí ar an droichead, agus é ag trasnú 21.5m d'Abhainn na Bréadcha agus an droichead féin 3m ar leithead. Ba iad Joseph McMenamin & Sons, An Ghlaib, Srath an Urláir a rinne na hoibreacha.

 

Tógadh le coincréit é agus tagann isteach in áit cosán cúng a bhí ar an droichead bóthair atá ann cheana féin. Beidh sé ina nasc sábháilte anois ón bhaile mór go dtí an scoil agus áiseanna áitiúla eile.

 

Agus í ag caint ag an oscailt, mhol dalta an chúigiú bliain, Lauren, an obair agus d'fháiltigh sí roimh na buntáistí sábháilteachta don scoil agus don phobal, agus dúirt sí go raibh neart smaointe eile ag daltaí an choláiste faoin dóigh leis an bhaile mór a dhéanamh níos sábháilte arís.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO