Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Dumpáil Mhídhleathach ag Croisbhealaí Bhaile na Le

Dumpáil Mhídhleathach ag Croisbhealaí Bhaile na Leice

Dumping at Ballinalacky Crossroads

Dumpáil mhídhleathach ag Croisbhealaí Bhaile na Leice ar maidin

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas a ghabháil leis na meáin agus leis an phobal as eolas a thabhairt dúinn fá dtaobh de dhumpáil mhídhleathach a tharla ag croisbhealaí Bhaile na Leice.

 

Tá an Maor Bruscair Brian McBrearty i ndiaidh cuairt a thabhairt ar an tsuíomh agus ghlan sé an áit inniu. 

 

“Is é an rud is measa faoi seo uilig’ arsa Brian ‘ná gur féidir 99% den bhruscar a dhéantar a dhumpáil mar seo a athchúrsáil agus go bhfuil bancanna athchúrsála, saor in aisce, níos lú ná 2km ón áit ar dumpáladh an bruscar’.

 

‘Tá an áit glanta againn anois agus tá an bruscar curtha i málaí againn agus beidh an t-aonad bailithe bruscair amuigh níos moille sa tráthnóna lena thógáil’.

 

Dumping at Ballinalacky Crossroads

An suíomh i ndiaidh d’fhoireann bhainistiú bruscair na Comhairle é a ghlanadh.

 

‘Úsáidimid ceamaraí CCTV le daoine a fheiceáil i mbun dumpáil mhídhleathach mar seo agus beidh muid ag coinneáil súil ar an tsuíomh seo féachaint an dtarlóidh sé seo arís.  Is é seo an dara huair laistigh de cheithre seachtaine a bhí orainn an suíomh seo a ghlanadh’.

 

‘D’iarrfaimis ar bhaill den phobal gan aon bhruscar a dhumpáil go mídhleathach.  Chan amháin go gcuireann sé droch-chuma ar an timpeallacht ach tá sé i gcoinne an dlí agus d’fhéadfaí fíneáil suas le €3,000 a ghearradh ort’.

 

Má tá eolas agat faoi aon dumpáil mhídhleathach atá ag tarlú i do cheantarsa, cuir scéala chuig an Chomhairle trí scairt a chur ar 074 91 53900 nó ar líne ag  www.donegalcoco.ie .

 

Dumping at Ballinalacky Crossroads

 Bruscar curtha isteach i málaí agus ag fanacht lena bhailiú ag an Aonad Soghluaiste Bruscair

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO