Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Dún na nGall ag Féile na Farraige i nGaillimh

Dún na nGall ag Féile Farraige na Gaillimhe

DL Tourism Galway Seafest

Iga Lawne, Turasóireacht Dhún na nGall, Mary Daly, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Joy Harron, Turasóireacht Dhún na nGall, ag cur Dhún na nGall chun cinn ag Féile na Farraige (Seafest) i nGaillimh.

 

Bhí Turasóireacht Dhún na nGall i láthair chun Contae Dhún na nGall a chur chun cinn i gcroílár Chathair na Gaillimhe ag an ché le linn Fhéile na Farraige 2017 idir 30 Meitheamh agus 2 Iúil. Chuir go leor daoine, idir Éireannaigh agus daoine as tíortha eile, suim mhór i nDún na nGall ag an fhéile.

Is í seo an dara bliain ag an Chomhairle a bheith i láthair ag an ócáid thábhachtach seo, a mheall 101,113 cuairteoir le linn na hócáide trí lá. Is ionann sin agus méadú dochreidte 68% i líon na gcuairteoirí taobh istigh d'aon bhliain amháin. Bhí 60,000 cuairteoir anuraidh, agus bhí 10,000 cuairteoir sa chéad bhliain den fhéile in 2015.

Bhí go leor imeachtaí ar siúl le linn na féile: seoltóireacht saor in aisce, cadhcáil, turais oscailte ar longa, mórthaispeántas ó na fórsaí cosanta, taispeántais chócaireachta agus ceannach éisc, taispeántais ar éisc bheo agus ar shligéisc bheo, scéaltaí ó fhiontraithe farraige etc. 

Reáchtáil Turasóireacht Dhún na nGall comórtas, agus cuairt ar Dhún na nGall mar dhuais, agus fuarthas breis agus 1,000 iontráil. Tugadh amach neart bileog agus léarscáileanna de Dhún na nGall ag an seastán a bhí ann don chontae. 

Bhí roinnt imeachtaí gnó farraige agus taighde farraige mar chuid den fhéile chomh maith. D'eisigh SEMRU figiúirí a léirigh go bhfuil an 'geilleagar gorm' ag déanamh níos fearr ná an geilleagar ginearálta, le luach €1,8 billiún ag teacht chugainn ó gheilleagar na farraige, nó thart fá 9% den GDP. Is ionann sin agus méadú 20% ó 2014. Tá féidearthachtaí iontacha ann do Dhún na nGall, contae ina bhfuil cósta de 1,134km de chósta ar tír mór, thart ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá pobail an chósta i nDún na nGall ag obair go dlúth le húdaráis áitiúla, le heagraíochtaí turasóireachta agus le gnólachtaí chun gach gné den gheilleagar ghorm a fhorbairt agus a fhás ar son an chontae san am atá amach romhainn. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO