Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Eolaire Idirlín

Eolaire úr Idirlín don Earnáil Chruthaitheach i nDún na nGall

Tá eolaire úr idirlín, ar a liostaítear gnólachtaí san earnáil chruthaitheach i nDún na nGall, seolta an tseachtain seo ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.   

 

Tá 119 gnólacht cláraithe ar www.creativecoastdonegal.ie agus tugtar buneolas ‘beo’ faoi ghnólachtaí atá ag saothrú i ngort na cruthaitheachta sa chontae. 

I measc na gcatagóirí atá liostaithe ar an tsuíomh tá:

  • an ailtireacht,
  • físeáin,
  • léiriú,
  • dearadh teicstíle,
  • dearadh digiteach agus cló,
  • fógraíocht,
  • scannánaíocht,
  • beochan,
  • ceol,
  • filíocht
  • agus go leor leor eile.   

Má tá fiontar cruthaitheach agat, tá fáilte romhat a bheith páirteach ann.

Cláraigh inniu!   Ní fhéadfadh sé a bheith ní b’fhusa do ghnólacht a chlárú; tabhair cuairt ar an leathanach baile, www.creativecoastdonegal.ie, cliceáil ‘Add+’ agus líon isteach ainm agus nádúr do ghnólachta, cá fhad atá sibh ar an fhód, chomh maith le nasc  chuig do shuíomh idirlín agus chuig leathanaigh meáin shóisialta.  

Tá an t-eolaire idirlín mar chuid de thogra a d’eascair as an Phlean Ghníomhaíochta Straitéiseach don Fhiontraíocht Chruthaitheach i nDún na nGall.  

Tá Creative Coast Donegal á mhaoirsiú ag coiste comhpháirtíochta cruthaitheach, ar a bhfuil ionadaithe ón earnáil phoiblí agus phríobháideach, agus atá á éascú ag Oifig Fiontair Áitiúil Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Fá choinne tuilleadh eolais ar Creative Coast Donegal tabhair cuairt ar www.creativecoastdonegal.ie nó déan teagmháil le ball den Oifig Fiontair  Áitiúil ar 074 9160735 nó trí ríomhphost chuig: [email protected].    

Tá tacaíocht á fáil ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall trí chomh-mhaoiniú ó Rialtas na hÉireann agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 2014-2020.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO