Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Feachtas sábháilteachta bóthair

Ná Tiomáin faoi thionchar an óil le linn na Nollag

Le linn shéasúr na Nollag agus na Bliana Úire - Má ólann tú, ná tiomáin agus má thiomáineann tú, ná hól.

 

 

Is í an teachtaireacht atá á scaipeadh ag Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall le linn na Nollag ná - Ná Tiomáin faoi thionchar an Óil, choíche ná go brách.  Táthar ag cur ina luí ar thiománaithe chomh maith má bhí siad ag ól cuid mhór an oíche roimh ré gur féidir go mbeidh an leibhéal alcóil atá san fhuil acu an mhaidin dár gcionn níos airde ná an leibhéal dleathach. Má bheirtear ort ag tiomáint gan crios sábhála nó ag úsáid guthán póca is féidir go ndéanfar tú a thástáil fá choinne alcóil. De réir suirbhé ar dhearcadh agus ar iompar tiománaithe a rinneadh ar son an Údaráis Sábháilteachta Bóithre léiríonn na figiúirí gur admhaigh tiománaí amháin as gach deichniúr, is é sin 284,000, gur ól siad alcól roimh dhul amach ag tiomáint sna 12 mhí seo chuaigh thart. Fógraíodh na figiúirí sin nuair a bhí an tÚSB agus na Gardaí ag seoladh Feachtas Sábháilteachta Bóthair don Nollaig agus don Bhliain Úr.

 

  • D'admhaigh 284,000 Tiománaí gur Thiomáin siad faoi thionchair an Óil sna 12 mhí seo chuaigh thart
  • 150 Tiománaithe gafa gach seachtain as bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil.

 

 

 

 

Tháinig sé chun solais sna réamh-fhigiúirí forfheidhmeithe a d'eisigh An Garda Síochána chomh mór agus atá an fhadhb i dtaca leis an tiomáint faoi thionchar an óil in Éirinn, mar gur gabhadh chóir a bheith 6,000 duine ar creideadh go raibh siad ag tiomáint faoi thionchar an óil ó mhí Eanáir - Deireadh Fómhair 2015.  Fir ba mhó a gabhadh agus gabhadh chóir a bheith leathchuid acu ar an Satharn nó ar an Domhnach. Díobh siúd a bhí thar an teorainn dhleathach, bhí níos mó ná leathchuid acu idir 20-39 mbliana d'aois. Cé gur an-ard é an líon daoine a d'admhaigh gur thiomáin siad faoi thionchar an óil tá sé tábhachtach a aithint go roghnaíonn formhór mór na dtiománaithe in Éirinn gan tiomáint faoi thionchar an óil. Mar sin féin, tá cuid mhór le déanamh go fóill le deireadh iomlán ar fad a chur leis an tiomáint faoi thionchar an óil sa tír. Cuireann aon leibhéal alcóil isteach ar an chumas tiomána. Ní tuairim é sin, ach fíric. Mar sin, má tá tú ag dul chuig cóisir oifige nó ag airneáil le linn na Nollag agus na Bliana Úire, déan cinnte pleanáil a dhéanamh roimh ré. Fág na heochracha sa bhaile, cuir tacsaí in áirithe nó bíodh tiománaí ainmnithe agat. Ná fág é gan socrú mar chomh luath agus a bhíonn do chéad dheoch agat, ní bheidh tú in ann an cinneadh ceart a dhéanamh.

 

Seasann an chomhairle seo fosta má tá sé i gceist agat siúl abhaile i ndiaidh duit a bheith amuigh don oíche. Is cuma cén t-am den lá atá ann chomh maith, agus sin an fáth go gcaithfidh tú a bheith an-chúramach ar fad an mhaidin dár gcionn má bhí tú ag ól an oíche roimhe sin mar go mbeidh an t-alcóil istigh i do chorp go fóill.  D'éinne atá ag smaointiú ar dhul isteach sa charr i ndiaidh alcól a ól, caithfidh muid cás amháin a chur i gcuimhne daoibh, is é sin an cás ina bhfuair an gasúr óg Ciarán Tracey bás i ndiaidh do thiománaí a bhí ag tiomáint faoi thionchar an óil an carr ina raibh Ciarán agus a mháthair ag taisteal a bhualadh.  Is fianaise é an cás seo den dóigh ar féidir le tiománaí atá faoi thionchar an óil saol teaghlaigh agus clainne a scriosadh agus a réabadh.  Bíodh an ráiteas coscrach tionchair íospartaigh a rinne Gillian Treacy, agus an cur síos a rinne sí ar an eachtra imbhuailte a ba chúis le bás a mic Ciarán, nach raibh ach ceithre bliana d'aois, bíodh sé ina mheabhrú buan dúinn ar na hiarmhairtí tubaisteacha uafásacha a tharlaíonn de bharr an tiomáint faoi thionchar an óil. Is iompar é nár chóir dúinn cur suas leis níos mó mar phobal. Níl an tiomáint faoi thionchar an óil sábháilte ná freagrach, agus déanann an cineál seo iompair scrios mór ar shaol daoine eile, go minic daoine atá iomlán saor ó aon locht. Beirtear ar 150 tiománaí ag tiomáint faoi thionchar an óil gach seachtain san am i láthair. Gabhfar suas le 600 tiománaí idir seo agus an Nollaig de bharr a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil.

 

Le roinnt blianta anuas, tá athrú mór tagtha ar mheon an phobail i dtaca le tiománaithe a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar an óil, agus don chuid is mó de na daoine, níl sé inghlactha níos mó a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil. Caithfear leanúint ar aghaidh leis an fheachtas agus caithfear dlús a chur leis agus a chur ina luí orthu siúd a leanann orthu ag tiomáint faoi thionchar an óil, nó a shíleann nach cion tromchúiseach é an tiomáint faoi thionchar an óil, gur léir nach seasamh é seo a bhfuil aon bhunús leis ná aon chosaint aige.

 

Is í an teachtaireacht atá againne do thiománaithe ná - ná bí ag tiomáint faoi thionchar an óil, choíche ná go brách, mar gur féidir leis na hiarmhairtí a tharlaíonn dá bharr do shaol a athrú go huile is go hiomlán. Ar an chuid is fearr de, tá baol ann go gcaillfidh tú do cheadúnas, ach ar an chuid is measa de, d'fhéadfadh sé go mbeidh ort an chuid eile de do shaol a chaitheamh agus tú céasta ag an chiontacht as ucht duine a mharú nó a ghortú go dona.

 

I bhfaiteadh na súl agus cinneadh bómánta amháin, agus d'fhéadfadh sin do shaol féin, agus saol achan duine thart ort, a athrú go deo. Is am fá choinne an teaghlaigh agus fá choinne imeachtaí sóisialta é séasúr na Nollag agus na Bliana Úire. Tá sé fíorthábhachtach an phríomh-theachtaireacht s'againne a rá arís eile; má ólann tú, ná tiomáin agus má thiomáineann tú, ná hól - tá sé chomh simplí leis sin!

 

Tá athrú beag i mbliana ar an dóigh a bhfuil na Gardaí agus an tÚSB ag tabhairt faoina bhfeachtas i gcoinne an tiomáint faoi thionchar an óil; tá físeán déanta acu a léiríonn cad é go díreach a tharlaíonn nuair a stopann na Gardaí duine ina charr féin, nó ina carr féin, an mhaidin i ndiaidh oíche mhór. D'fhéadfáí a bheith míchompordach ag amharc air seo. Mar a thuigeann éinne ar stop na Gardaí roimhe iad agus iad ag tiomáint, ar chúis ar bith, is eachtra é a thig tú a fhágáil an-neirbhíseach.

 

Ba mhaith le MSBDG an deis seo a ghlacadh Nollaig Shona Shábháilte a ghuí ar gach duine a úsáideann ár gcuid bóithre.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO