Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile Bealtaine 2015

Féile na Bealtaine faoi lánseoil

 

 

 Tugann an pobal cluas le héisteacht do na cainteanna ag oscailt na féile i mbliana

 

Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha, agus tairbhe a bhaint as.

 

Ba shin é an teachtaireacht ó Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. John Campbell nuair a d'oscail sé an 18ú Féile Bealtaine go hoifigiúil, Dé hAoine.

 

Bhí daoine i láthair ag an ócáid, sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn, ó cheantracha éagsúla den chontae, chomh maith le roinnt comhairleoirí contae.

 

Is é an tIonad Cultúrtha Réigiúnach agus Leabharlann Contae Dhún na nGall a reáchtálann Féile na Bealtaine, i gcomhar le réimse leathan eagraíochtaí compháirtíochta. Tá rud éigin fá choinne gach duine i i gclár na bliana seo d'Fhéile Bealtaine.

 

I measc na n-imeachtaí beidh taispeántais, cainteanna, cuimhní cinn, ranganna ríomhaireachta, cniotáil, cróiseáil, ceol, damhsa agus scéalaíocht. Tá an chuid is mó de na himeachtaí saor in aisce, agus tá lacáiste speisialta Bealtaine ar fáil do chuid eile.

 

Agus í ag tabhairt eolais faoi chlár na bliana seo dúirt Frances Crampsie ón Lárleabharlann go raibh fáilte gach duine i mbliana a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí ealaíne agus cultúrtha agus gur deis a bhí ann lasair na cruthaitheachta a amhúscailt agus buanna a d'fhéadfadh a bheith faoi cheilt a nochtadh.

 

Chuir Shaun Hannigan ón Ionad Réigiúnach Cultúrtha in iúl, sa tréimhse 18 mbliana, gur tháinig méadú ar líon na n-imeachtaí ó 8 gcinn go dtí 180 ceann, agus go raibh éagsúlacht níos mó d'imeachtaí dearfacha ar fáil do dhaoine níos sine ar fud an chontae.

.

 

Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. John Campbell, ag an seoladh Dé hAoine seo caite i gcomhar le (ó chlé): John McNamara, Active Ireland; Grainne Hines, Nora Curran, Eileen Farrelly agus na Comhairleoirí Ian McGarvey agus James Pat McDaid.

 

Dúirt An Cathaoirleach, An Clr. John Campbell, a sheol féile na bliana seo, go molfadh sé do gach duine freastal ar an chlár ilghnéitheach d'imeachtaí agus páirt a ghlacadh sa cheiliúradh ar an tseanaois.

 

"Mar Chomhairle, tá muid tiomanta chun freastal ar an éileamh atá ar oideachas ginearálta, ar eolas agus ar chaitheamh aimsire, le tacú leis an tóraíocht ar eolas, agus le freastal ar shuim an phobail sa léitheoireacht agus sna healaíona. Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha, agus tairbhe a bhaint as.   Tá Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall gníomhach san fhorbairt pobail, foghlaim fadsaoil agus cuimsiú sóisialta ar fud an chontae ar fad" ar seisean.

 

Dúirt an t-aoichainteoir John McNamara ó Active Ireland gurb í an fhís a bhí acusan ná sochaí le haghaidh gach aoisghrúpa, saor ó leithcheal de bharr aoise agus ó steiréitíopaí agus bunaithe ar an chomhghuaillíocht agus ar an chomhoibriú idir na glúnta, mar a mbítear de chumas ag gach duine páirt ghníomhach a bheith acu sa phobal agus cearta comhionanna agus deiseanna comhionanna a bheith acu beag beann ar aois, inscne, cine, bunús eitneach, creideamh, stádas sóisialta ná eacnamaíochta, claonadh gnéis, nó dúshláin fisiciúla nó leighis.

 

Mhol sé do pholaiteoirí áitiúla agus náisiúnta bheith ar thús cadhnaíochta i dtaca le feasacht agus eolas a scaipeadh faoin tionchar, ionchur agus ról tábhachtach a d'imir daoine níos sine ar an náisiún le blianta fada.

 ‌

Cuireadh deireadh leis an seoladh le ceol ó Tanya McCole agus Dave Wintour agus roinnt damhsa ar an toirt ó na seandaoine agus uatha siúd nach bhfuil chomh sean sin.

 

Ba é Ionad Eolais Eorpach, An Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, a rinne urraíocht ar an ócáid.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar cad é atá ar siúl le linn Fhéile na Bealtaine féach ar www.donegallibrary.ie

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO