Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile Distorted Perspectives

Féile Deireadh Seachtaine 'Distorted Perspectives'

Distorted Perspectives

Clár ‘Distorted Perspectives’

 

Beidh an fhéile cheoil agus ealaíne Distorted Perspectives ar ais i Leitir Ceanainn le linn deireadh seachtaine saoire na Bealtaine go ceann trí oíche san Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus in Uimh. 58 (Central Bar, thuas staighre). Tosófar na trí cheolchoirm san ICR ar 8pm, agus is féidir ticéid a ordú ó Oifig na dTicéad sa Ghrianán ar 0749120777 nó ar líne ar  www.regionalculturalcentre.com agus tá ticéad deireadh seachtaine ar fáil ar chostas speisialta €20. Tá Distorted Perspectives á chur ar fáil ag Ionad Cultúrtha Réigiúnach Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Féile Ealaíne an Earagail. 

Cuirfear tús leis an fhéile Dé hAoine 29 Aibreán leis an ‘psychedelic pop king’ agus iarbhaill de ‘ War on Drugs, BC Camplight’ chomh maith le Jeffrey Lewis & Los Bolts. Beidh Hookworms ar siúl oíche Dé Sathairn, dream as Leeds i Sasana, agus creidtear go bhfuil siad ar cheann de na bannaí ceoil is fearr beo atá amuigh ansin faoi láthair. Beidh Twinkranes ó Bhaile Átha Cliath ar siúl oíche Dé Sathairn chomh maith. 

Beidh ceol beo ar siúl san ICR, agus é roghnaithe go speisialta le roinnt scannán a thionlacan. Cuirfear clabhsúr leis an fhéile hOptimo (Espacio), JD TWITCH, meascán de cheol Afraiceach go mall san oíche san No. 58 os cionn an Central Bar oíche Dé Domhnaigh.

 

Sa bhreis ar na hócáidí iontacha ceoil seo beidh roinnt ealaíne ar taispeáint chomh maith, ina measc saothar de chuid Miska Westell agus Richard Noble.

 

Is féidir an fhéile a leanúint ar an leathanach seo chomh maith:  Facebook .

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO