Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile na Cranncha 2014

Na Sluaite ag Féile na Cranncha

Crana Fest 2014 1

 

Bhí Féile na Cranncha 2014 ar siúl i bPáirc Swan i mBun Cranncha, Contae Dhún na nGall ar an 18-19 Deireadh Fómhair 2014. Tá an fhéile ag dul ó neart go neart gach bliain, agus bhí níos mó iomaitheoirí agus lucht féachana níos mó i láthair i mbliana. Chláraigh breis agus 450 iomaitheoir chun bheith páirteach san ócáid, ó achan chearn d'Éirinn, de Shasana agus den Eoraip, agus leibhéil éagsúla scileanna acu ó thosaitheoirí go dtí ard-oilte. Méadú mór é seo ó anuraidh. Bhí atmaisféar iontach spleodrach ag an fhéile agus níor chuir ceathanna fearthainne an Fhómhair isteach ná amach ar aoibh na ndaoine. Déanta na fírinne, is amhlaidh is fliche is fearr ag an fhéile spóirt uisce seo den chéad scoth! Rinne Uisce Mhálanna comh-urraíocht ar Fhéile na Cranncha 2014, branda atá seolta mar chuid den togra Seol Siar, togra faoi stiúir Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus á mhaoiniú ag an AE, leis an turasóireacht mara a chur chun cinn.

 

Seisiúin Bhlaiste do Gach Duine

Seo mar a labhair Oifigeach Margaíochta an togra Seol Siar, Joy Harron, a d'fhreastail ar an fhéile, "Bhí lúcháir orm deis a bheith agam freastal ar Fhéile na Cranncha 2014 thar ceann Uiscí Mhálanna. Ba léir domsa go raibh sár-obair phleanála agus eagraithe déanta don fhéile, go díreach ó bheith ag amharc ar na comórtais éagsúla cadhcála, na sluaite a fheiceáil ann, agus deis a bheith agam féin páirt a ghlacadh sa raftú bánuisce le linn seisiún blaiste a reáchtáil Eachtraí Inise. Spreagfaidh an fhéile seo go leor daoine chun dul ar lorg tuilleadh imeachtaí spóirt uisce! ”.

Crana Fest 2014 5

Joy Harron, Oifigeach Margaíochta leis an togra Seol Siar, ag imeacht léi ar thuras Raftú Bánuisce

 

Dúshlán faoi Sholas na Gealaí!

Bhí an Dúshlán faoi Sholas na Gealaí ar cheann de na himeachtaí is úire a cuireadh le Féile na Cranncha, agus an chéad imeacht den chineál sin in Éirinn. Bhí sé sin ar siúl oíche Dé Sathairn faoi sholas na gealaí. Bhí an Dúshlán faoi Sholas na Gealaí ina bhuaicphointe le linn an deireadh seachtaine agus tá sé i gceist ag an lucht eagraithe é a reáchtáil arís an bhliain seo chugainn. Bhí an cadhcálaí clúiteach Kipper Maguire ina Fhear an Tí don imeacht seo agus thug sé leis Setanta Sport Ireland. Rinneadh an t-aiscean bánuisce ar fad a thaifeadadh ar cheamara agus déanfar é a chraoladh ar Theilifís Setanta i mí Aibreáin 2015.

 

 

Comórtais in Oiriúint do gach Leibhéal ScileBhí dhá lá d'aicsean bánuisce ar siúl mar chuid den fhéile iontach seo ar feadh Abhainn na Cranncha, Páirc Swan, Bun Cranncha, Inis Eoghain, Co Dhún na nGall. Bhí fáilte roimh gach cumas céaslóireachta a bheith páirteach sna comórtais agus sna seisiúin chóitseála le linn an deireadh seachtaine. Bhí cuid de na cóitseálaithe is fearr san Eoraip páirteach i bhFéile na Cranncha, ina measc Martina Wegman, Kipper Maguire, Dave Carroll, Yanni agus Ali Donnell. I measc na seisiún cóitseála bhí; Ard-Teicnící, Canúáil Oscailte, Teicnící in Uisce Gluaisteach, Seisiúin Chóitseála fá choinne ban, Croí-Scileanna Bunúsacha, Búfáil agus Titimí, Scileanna dul chun cinn agus Scileanna Dinimiciúla agus Cóitseáil Saorstíle.

 

Spraoi don Teaghlach uilig

I measc na rannóg a bhí i gcomórtais na bliana seo beidh: An Rás le haghaidh Cadhcanna Farraige, Slalóm, An Rás in Uisce Fiáin, Saorstíl, Trasbhádóireacht, Rúid an Dagger agus Oilimpí Mála Boise. Le beocht agus fuinneamh a choinneáil sna hiomaitheoirí agus sa lucht féachana i rith an lae, bhí bia deas te, deochanna agus smailceanna ar fáil an lá ar fad ag an Ollphuball. Bhí ráchairt mhór ar na seisiúin bhlaiste sa raftú bánuisce ar feadh Abhainn na Cranncha agus thug siad deis don lucht féachana a bheith páirteach i ngníomhaíocht nach ndéanfadh siad go hiondúil. Bhí Irish TV i láthair le linn an deireadh seachtaine, ag déanamh taifead ar an atmaisféar iontach a bhí ann idir na hiomaitheoirí agus an lucht féachana, agus craolfar Féile na Cranncha ar Sky 191 sna seachtainí amach romhainn, ag tarraingt aird ar an deireadh seachtaine agus ar áilleacht Inis Eoghain. Tá éacht déanta ag Eachtraíochtaí Inise agus ag na hurraithe ar fad as lá teaghlaigh lasmuigh den chéad scoth a reáchtáil, mar a dtiocfadh le gach duine sult a bhaint as na gníomhaíochtaí spleodracha uisce ar feadh Abhainn na Cranncha.

 

 

Níos Mó i nDán Dúinn amach anseo

Chuir Féile na Cranncha go mór le féilire imeachtaí mara Uisce Mhálanna in 2014 agus b'ábhar bróid é don bhranda tacú leis. Tá muid ar bís le feiceáil cad é atá i ndán d'Fhéile na Cranncha amach anseo, féile a mheallann níos mó daoine bliain i ndiaidh bliana, agus tá todhchaí iontach geal i ndán dó gan amhras. Tá Uiscí Mhálanna á pháirtmhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí an Aontais Eorpaigh trí Chlár Trasteorann INTERREG IVA arna bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an Aontais Eorpaigh, agus comh-mhaoiniú á sholáthar ag an Roinn Comhshaoil i dTuaisceart Éirinn agus ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i bPoblacht na hÉireann.

  

CRÍOCH

 

Ba chóir gach fiosrú ó na meáin chumarsáide, i dtaca le Féile Chranncha, a dhéanamh le hEachtraíochtaí Inise (Just Kayak roimhe seo).

Email: [email protected]

Guthán: +353 87 366 6075

Suíomh Idirlín: www.inishadventures.com

 

Ba chóir gach fiosrú ó na meáin i dtaca le hUiscí Mhálanna a dhéanamh le Joy Harron.

Rphost: [email protected] or Tel: 0870619360

 

NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ 

Tionscadal Seol Siar

Is togra turasóireachta mara é an Togra Seol Siar, arb é is cuspóir leis an turasóireacht chósta agus mara a chur chun i réigiúin pháirtnéireachta Iarthuaisceart Éireann, Tuaisceart Éireann agus in Iarthar na hAlban.

 

Is iad cuspóirí Seol Siar an Togra ná:

 

Straitéis chomhtháite forbraíochta mara a sholáthar don Iarthuairsceart, a nascann na contaetha mara in Iarthuaisceart na hÉireann, Tuaisceart Éireann agus cósta thiar na hAlban.Nuálaíocht a sholáthar i dtaca le táirgí úra agus seirbhísí úra a fhorbairt.Le heolas agus dea-chleachtais a roinnt idir pháirtnéirí.Le forbairt inbhuanaithe turasóireachta, fostaíocht agus athbheochan pobal mara a chur chun cinn.Lena chinntiú go bhfuil na dea-chleachtais timpeallachta agus na tionchair a d'fhéadfadh an t-athrú aeráide domhanda a dhéanamh, go bhfuil sin curtha san áireamh in aon fhorbairt úr.Leis an eiceathurasóireacht a spreagadh.

 

FCSAE

Is Foras Feidhmiúcháin Thuaidh/Theas é Foras Chláir Speisialta an AE, atá á urrú ag an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann agus an Roinn Airgeadais in Éirinn. Tá sé freagrach as dhá Chlár cistí struchtúracha AE a bhainistiú, mar atá SÍOCHÁIN III agus INTERREG IV, atá dírithe ar chomhoibriú trasteorann a fheabhsú, an t-athmhuintearas a chothú agus sochaí níos síochánta agus níos rathúla a chruthú. Feidhmíonn na Cláracha laistigh de limistéar atá sainnithe go soiléir, ar a n-áirítear Tuaisceart Éireann, Réigiún Teorann na hÉireann agus Iarthar na hAlban.

Fá choinne tuilleadh eolais ar an FCSAE tabhair cuairt ar www.seupb.eu

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO