Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile na gCruach Gorm agus Chuan Dhún na nGall

Féile na gCruach Gorm agus Chuan Dhún na nGall 2014

26 Meán Fómhair go dtí 5 Deireadh Fómhair

 

Beidh an 14ú Féile de chuid na gCruach Gorm agus Chuan Dhún na nGall ar siúl i roinnt bailte, sráidbhailte agus pobail tuaithe ar fud Dheisceart agus Iardheisceart Dhún na nGall, ón Aoine 26 Meán Fómhair go dtí an Domhnach 5 Deireadh Fómhair. Díríonn an fhéile bhliantúil seo ar chur chun cinn na n-ealaíon i ndeisceart an chontae, agus tá an Fhéile á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an Chomhairle Ealaíon. I measc na n-imeachtaí a bheas ar chlár na féile beidh drámaí ar camchuairt, ceol traidisiúnta, imeachtaí liteartha, na healaíona súl, ealaíona sna scoileanna, paráid mhór chomh maith le léirithe den cheol chlasaiceach agus chomh-aimseartha.

 

Tabhair spléachadh ar Bhuaicphointí Chlár na Féile le níos mó eolais a fháil amach faoi cad é atá ar siúl i mbliana, trí chliceáil ar:

 

PDF: Féile na gCruach Gorm agus Chuan Dhún na nGall

PDF: Buaicphointí Fhéile na gCruach Gorm agus Chuan Dhún na nGall

 

Oscailt na Féile

 

Beidh Oscailt Oifigiúil na Féile ar siúl in Ionad Ealaíon na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh oíche Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair ó 7.30pm, agus agus mar chuid den oscailt beidh Taispeántas úr aonair leis an ealaíontóir ardghradamach as Oirthear Dhún na nGall Ann Quinn, agus léiriú ó Chór Óige Dhún na nGall atá díreach i ndiaidh pilleadh ó Fhéile na Picnice Leitrí agus stór mór amhrán acu.

 

Carnabhal Deireadh Seachtaine agus Meascán an Domhnaigh

 

Mar chuid de Charnabhal an Deireadh Seachtaine i mBéal Átha Seanaidh i mbliana beidh Paráid an Charnabhail, agus Slí an Atlantaigh Fhiáin ina téama aige, oíche Dé Sathairn 4 Deireadh Fómhair, agus pillfidh taifeadáin bheo de chuid ‘Sunday Miscellany’ le RTÉ Ráidió 1 in Ionad Ealaíon na Mainistreach, tráthnóna Dé Domhnaigh ar an 5 Deireadh Fómhair. I measc na scríbhneoirí a bheas páirteach ann beidh Moya Cannon, Marie Hannigan, Anthony Glavin, Winifred McNulty, Pat Boran agus Siobhán McNamara.  I measc na gceoltóirí a bheas páirteach ann beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Marie Askin, Martin McGinley agus Ensemble Téadach Camerata Dhún na nGall

 

I measc na n-imeachtaí liteartha eile beidh Oíche fá choinne Noelle Vial ag Óstán Radharc an Bhá, Na Cealla Beaga, Dé hAoine 26 Meán Fómhair, mar a mbeidh Jenni Doherty ina haoi-ealaíontóir ann.

 

Fíodóirí Dhún na nGall ag Féile Cheol Traidisiúnta agus Damhsa Johnny Doherty.

 

Oibríonn an Fhéile i ndlúthpháirt le Féile Cheol Traidisiúnta agus Damhsa Johnny Doherty, a bheas ar siúl in Ard an Rátha ón Aoine go dtí an Domhnach, 26-28 Meán Fómhair. Mar chuid den chomhoibriú seo, tá lúcháir ar Fhéile na gCruach Gorm agus Chuan Dhún na nGall togra damhsa Fhíodóirí Dhún na nGall a thabhairt go hArd an Rátha. Is damhsa figiúir Éireannach é a bhí iontach coitianta i measc mhuintir Dhún na nGall thall i nGlaschú sna 1950aidí agus sna 1960aidí, agus é bunaithe ar thraidisiún na fíodóireachta i nDún na nGall, agus gach cuid ar leith den damhsa ag baint le gné éigin de phróiseas na fíodóireachta. 

 

Tá an múinteoir damhsa as Gort an Choirce, Nora kavanagh, i ndiaidh an damhsa a athbheochan ar na mallaibh, agus beidh sí féin agus a daréag damhsóirí i bhFíodóirí Dhún na nGall i mbun damhsa agus ceardlainne ag Earraí Cniotála agus Bréidíní John Molloy, Ard an Rátha ar 2.00pm Dé Sathairn 27 Meán Fómhair. Roimh an damhsa beidh taispeántas den fhíodóireacht ag an fhíodóir as Ard an Rátha Colm Sweeney ar an seol láimhe úr ‘Spiorad Dhún na nGall’. Tógadh an seol láimhe seo ar na mallaibh mar chuid de thogra Sciobóil na bhFear in Ard an Rátha, agus ba iad Colm agus an siúinéir ardoilte Bartley Haughey a bhí i mbun na hoibre. 

 

I measc na bpíomh-imeachtaí ceolchoirme a bheas ar siúl in Ard an Ráth le linn an deireadh seachtaine beidh an t-amhránaí Gáidhlige Rachel Walker oíche Dé hAoine (26ú), an sárghrúpa Gael-Mheiriceánach Cherish the Ladies oíche Dé Sathairn (27ú) agus na Deirfiúracha Friel (Glaschú) oíche Dé Domhnaigh (28ú).  

 

Clár Drámaí ar Camchuairt

 

Beidh dráma de chuid Chompántas Balor fá dtaobh den Chéad Chogadh Domhanda ‘Cuimhneacháin’ mar chuid de Chlár Drámaí na Féile – a osclófar in Ionad Pobail na nGleanntach Dé hAoine seo chugainn, 26 Meán Fómhair, sula rachaidh sé ar aghaidh go hIonad an Tearmainn i bPaiteagó Déardaoin 2 Deireadh Fómhair agus go Halla Mhuire, Gleann Cholm Cille Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair.

 

Beidh ‘Frank Pig Says Hello’ dráma úr de chuid an Ghrianáin le Patrick McCabe (leagan ardáin den úrscéal sárdhíola uaidh The Butcher Boy), beidh sin ag teacht go hIonad Ealaíon na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair agus is féidir é a fheiceáil in Ionad Pobail na nGleanntach chomh maith oíche Dé hAoine 3 Deireadh Fómhair.  

 

Compántas Amharclannaíochta Uladh ag tabhairt an scéil chlasaicigh Dracula chun beatha in Ionad Ealaíon Balor Déardaoin 2 Deireadh Fómhair, agus beidh Ciorcal Drámaíochta Dhún na nGall ag cur tús le seó trí oíche in Ionad Naomh John Bosco Dé hAoine, 3 Deireadh Fómhair lena léiriú úr de ghreannscéal clasaiceach John B Keane, Moll, scéal a shíleann cuid mhór daoine a bhí mar réamh-leagan den tsraith ghrinn teilifíse Father Ted, a raibh an-ráchairt air.

 

 

Clár Ceoil

 

Beidh Clár Ceoil na Féile i mbliana ar cheann de na cinn is láidre go dtí seo. Mar chuid de beidh léiriú ceolchoirme speisialta ón sár-réalt cumtha amhrán as Meiriceá Beth Nielsen Chapman – a bhfuil mór-amhráin scríofa aici do Emmylou Harris, Faith Hill, Willie Nelson agus Waylon Jennings, i measc daoine eile – beidh sin ar siúl in Ionad Ealaíon Balor, Bealach Féich Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair. Beidh The Henry Girls, grúpa as Inis Eoghain a bhfuil an-rath ar an CD is deireanaí uathu, Louder than Words, ag seinm i dTigh McIntyre, Dún Cionnaola Déardaoin 2 Deireadh Fómhair, agus beidh LittleJohn Nee ag tabhairt a Cheolfhoireann an Caledonia Highly Strung chuig Áislann Chill Charthaigh oíche Dé hAoine 3 Deireadh Fómhair le rogha amhrán nua-thaifeadta a cheol óna chuid seónna mór-rathúla amharclannaíochta.

 

Tá fócas úr fosta ar an tallann úr Slow Skies, an dís Conal Herron as na Gleannta agus Karen Sheridan as Baile Átha Cliath, a dhéanfaidh a gcéad seó i nDún na nGall in Ionad Ealaíon Balor, Bealach Féich Dé Luain 29 Meán Fómhair agus Fiona Maria Fitzpatrick agus Eve Belle – as Cabhán agus Gort an Choirce faoi seach – a bheas ag soláthar siamsaíochta in Ionad Oidhreachta Ard an Rátha Dé Domhnaigh 5 Deireadh Fómhair. 

 

Slógadh Fhidléirí Dhún na nGall

 

Sa dara deireadh seachtaine den Fhéile beidh Slógadh bliantúil Fhidléirí Dhún na nGall ar siúl in Óstán an Highlands, Na Gleannta, ó oíche Aoine go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh idir an 3 – 5 Deireadh Fómhair. Ceiliúradh bríomhar ar fhidléireacht Dhún na nGall atá ann, agus é ar an fhód le 32 bliain anois, agus is é Cairdeas na bhFidléirí i nDún na nGall a reáchtálann é. Mar chuid den tslógadh beidh cuid mhór seisiún neamhfhoirmeálta, cainteanna, ranganna máistreachta, turas treoraithe, agus Ceolchoirm Mhór oíche Dé Sathairn 4 Deireadh Fómhair, ag a mbeidh rogha de na fidléirí is mó clú agus cáil go háitiúil, chomh maith le haíonna speisialta ar nós Denise Boyle as na Gleannta, Siobhán Peoples as Contae an Chláir, Douglas Lawrence as Oirthuaisceart na hAlban, Nigel agus Diana Boullier agus Geordie MacAdam as Beannchar, Contae an Dúin. 

 

Clár na Féile – saor in aisce

 

Beidh Clár na Féile ar fáil saor in aisce ar fud Dheisceart agus Iardheisceart an chontae ón deireadh seachtaine seo. Beidh na sonraí ar fad ann faoi gach imeacht de chuid na Feile, ceardlanna, agus clár scoileanna na Féile. Coinnigh súil amach dó sna siopaí áitiúla, leabharlanna, ionaid eolais turasóireachta agus gach ionad ina mbeidh imeachtaí ar siúl.

 

Eolas

 

Fá choinne Tuilleadh Eolais, ba chóir dul i dteagmháil le Seirbhís Ealaíne Chomhairle Contae Dhún na nGall

Guthán: 00353 (0)74 9121968  Rphost: [email protected]

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO