Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile na Mara 18

Dún na nGall ar bharr na dtonnta ag Féile na Mara 18

 

Roinnt aíonna speisialta ag seastán Dhún na nGall le linn Féile na Mara 18

 

Bhí lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith páirteach i bhFéile na Mara, féile náisiúnta mara na hÉireann, a mheall 103,416 cuairteoir go Cuan na Gaillimhe le linn na féile trí lá an deireadh seachtaine seo chuaigh thart.

 

Bhí ollphuball de bhrandáil Thurasóireacht Dhún na nGall ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Ché Láir i nGaillimh, ag cur chun cinn an chontae álainn s’againne chomh maith leis an mhórán tograí mara a bhfuil an Chomhairle páirteach iontu, amhail an Cool Route (ag cur chun cinn na crúsála ó Chorcaigh aníos go Dún na nGall agus ar aghaidh go dtí An Iorua), Uiscí Mhálanna (a spreagann cuairteoirí le bheith ag seoltóireacht, ag taiscéaladh agus ag cur aithne ar an Iarthuaisceart agus Tuaisceart Éireann), Wild Sea Europe agus WAOH - ‘Wildsea Atlantic Ocean Heritage Route’ agus CAPTIEN (Cinn Scríbe Eorpacha ag cur chun cinn ár gcuid nuálaíochtaí turasóireachta mara). 

 

Bhí Joy Harron agus Mary Daly, oifigigh de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar fáil le ceisteanna a fhreagairt faoin chontae s’againne, agus comhairle a thabhairt, maidir le rudaí le feiceáil agus rudaí le déanamh, do dhaoine a d’fhéadfadh a theacht ar cuairt anseo.

 

Joy Harron, Oifigeach Forbartha Mara ag déanamh poiblíochta agus margaíochta ar son Dhún na nGall ag Féile na Mara 18.

 

Tháinig an slua is mó cuairteoirí riamh chuig Féile na Mara Dé Domhnaigh 1 Iúil, le breis agus 50,000 cuairteoir ar Chuan agus Duganna na Gaillimhe don lá deireanach den fhéile. Bhí leoithne dheas ghaoithe ag seoladh na sluaite isteach don lá deireanach d’Fhéile na Mara 2018.

 

D’eisigh SEMRU figiúirí ag an Chruinniú Mullaigh maidir le Saibhreas ár gcuid Farraigí, a bhi ar siúl mar chuid d’Fhéile na Mara Dé hAoine 29 Meitheamh, agus léirigh siad gur €1.8 billiún, nó thart fá 1% den OTI, an luach eacnamaíochta a bhí le geilleagar farraige na hÉireann.

 

Rinneadh domhain mór farraige de Chuan na Gaillimhe le linn na féile trí lá agus bhí gníomhaíochtaí agus siamsaíocht gan stad ar siúl ar aghaidh na farraige do gach aoisghrúpa. Bhí deis ag na sluaite sult a bhaint as na haer-aclaíochtaí corraitheacha iontacha ó na heitleoirí uisce is a fearr ar domhainn i gcroílár an chuain.

 

Níl i bhFéile na Mara ach ceann amháin den mhórán imeachtaí a mbeidh Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt cuairte air le linn an tsamhraidh. Beifear i láthair fosta ag Mórchomortas Gailf an Dubai Irish Open i mBaile Lifín agus i bhFéile Mara an Fheabhail i nDoire fosta.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Thurasóireacht Dhún na nGall féach ar www.govisitdonegal.com.   

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO