Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile Phan-Cheilteach

7,500 oíche lóistín de bharr na Féile Pan-Cheiltí

 

Pan Celtic Parade 2018

Ag glacadh páirte sa Pharáid Phan-Cheilteach i Leitir Ceanainn Dé hAoine seo caite.

 

Fiú an fhearthainn throm Dé hAoine seo caite, níor chuir sí isteach ar chroí ná ar mhisneach lucht na Féile Pan-Cheiltí agus iad ag glacadh páirte sa Pharáid Phan-Cheilteach bhliantúil ar Phríomhshráid Leitir Ceanainn. Tháinig na céadta cuairteoir agus daoine de bhunadh na háite amach don cheiliúradh mhór ildaite ina raibh bannaí mairseála, damhsóirí agus ceoltóirí as achan cheann de na sé náisiún Cheilteacha, mar atá Éire, Cymru, Alba, Breizh, Kernow agus Oileán Mhanainn, chomh maith le taispeántas iontach ó Ghrúpa Carnabhail Inis Eoghain. 

 

Pan Celtic Parade 10

Ag glacadh páirte sa Pharáid Phan-Cheilteach i Leitir Ceanainn Dé hAoine seo caite.

 

Chomh maith leis an taispeántas iontach cultúrtha agus traidisiún, tá buntáiste eacnamúil leis an Fhéile Phan-Cheilteach fosta, agus meastar gur gnóthaíodh thart fá 7,500 oíche lóistín i Leitir Ceanainn agus sa cheantar máguaird de bharr na Féile.

 

Pan Celtic Choir

Cór ag glacadh páirte sa chomórtas córach in An Grianán oíche Dé hAoine mar chuid den 47ú Féile Phan-Cheilteach

 

Dúirt Liam Ward, Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuarthas aischothú den chéad scoth ó na cuairteoirí a bhí i láthair. Ghabh sé buíochas leis na gnólachtaí áitiúla, le grúpaí áitiúla agus le hoibrithe deonacha as a gcuidiú le linn na Féile i mbliana. Tá caidrimh úra tógtha idir na daoine, agus bhí na pobail éagsúla ar fad in ann blaiseadh a fháil ar chultúr, ar thraidisiún, ar theanga, agus ar oidhreacht Cheilteach na náisiún uilig, ar seisean. 

 

Pan Celtic Parade 1

Ag baint sult as Paráid na Féile Pan-Cheiltí i Leitir Ceanainn Dé hAoine seo caite

 

Bhí an Fhéile ar siúl ón Mháirt go dtí an Domhnach, 3 - 8 Aibreán, agus bhí clár cuimsitheach imeachtaí ann de cheolchoirmeacha, ceol, amhránaíocht agus damhsa.

 

Pan Celtic Choirs 12

 Ceoltóirí ag tiúnáil do na comórtais cheoil le linn an 47ú Féile Phan-Cheilteach i Leitir Ceanainn

 

Bhí tús iontach leis an fhéile oíche Dé Máirt le Ceolchoirm Speisialta Oscailte in Óstán an Mount Errigal, mar a raibh ionadaithe ó na sé náisiún Cheilteacha ag cur siamsaíocht ar fáil don lucht féachana le ceol, le hamhránaíocht, agus le damhsa ó gach ceann de na náisiúin. 

 

Pan Celtic Parade 24

Cuid de na páistí a ghlac páirt sa Chomórtas Camógaíochta Pan-Cheilteach

Dé hAoine seo caite i bPáirc Uí Dhomhnaill i Leitir Ceanainn

le Claire Kilgallon, Uachtarán ar an Choiste Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach,

Leonard Watson, Uachtarán ar Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn

agus an Clr. Jimmy Kavanagh, Méara Leitir Ceanainn.

 

 

Ba í Mairéad Ní Mhaonaigh, an ceoltóir clúiteach as Dún na nGall, agus Iarphearsa na Blianta i nDún na nGall, a rinne an Oscailt Oifigiúil.

 

Reáchtáladh roinnt comórtas in An Grianán agus i gColáiste Ailigh i rith na seachtaine, ina measc an Comórtas Amhránaíochta Pan-Cheilteach, an Comórtas Córach Pan-Cheilteach agus Comórtais ar an Amhránaíocht Thraidisiúnta.

 

Pan Celtic Parade 17

Ag glacadh páirte sa Pharáid Phan-Cheilteach i Leitir Ceanainn Dé hAoine seo caite 

 

Bhí imeachtaí ar siúl ar fud an bhaile fosta, ina measc seisiúin scéalaíochta, ranganna comhrá, léachtanna, athléiriúcháin, rang máistreachta san fhidil, siúlóidí agus seisiúin cheoil.

 

Pan Celtic Choirs 14

An ceoltóir óg Stuart ag cleachtadh le linn na Féile Pan-Cheiltí i Leitir Ceanainn.

 

 

Bhí oícheanta eile den scoth ar siúl le linn na Féile nuair a bhí oíche ar leith ag gach ceann de na náisiúin a bhí ar cuairt orainn, agus deis acu an chuid is fearr dá gcultúr féin a chur ar taispeáint ar ardán.

 

Pan Celtic Choirs 18

Baill de chór ag Coláiste Ailigh do na Comórtais Phan-Cheilteacha Dé Sathairn

 

“Níl aon amhras ach gur thug Leitir Ceanainn agus Contae Dhún na nGall íomhá an-dearfach dár gComh-Cheiltigh agus tá obair ar siúl cheana féin le haghaidh féile na bliana seo chugainn, agus tá súil againn go mbeidh sin níos mó agus níos fearr arís' arsa Liam Mac an Bhaird.

 

Pan Celtic Parade 22

Ag baint sult as an cheol in Ionad Siopadóireachta Chlós na Cúirte

Leitir Ceanainn, Dé hAoine seo caite le linn na Féile Pan-Cheiltí

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO