Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Físeán Dhún na nGall

Ráchairt mhór ar an fhíseán úr do Dhún na nGall

 

Le ceithre huaire is fiche anuas tá ráchairt mhór ar an fhíseán úr atá ag cur Dún na nGall chun cinn mar áit le cónaí, le hobair agus le gnó a dhéanamh ann. 

 

Rinne Teilifís Dhún na nGall an físeán seo, a bhfuil an-ráchairt air ar fud an domhain agus go háirithe i SAM, do Chomhairle Contae Dhún na nGall mar chuid den fheachtas chun nascadh le pobal domhanda Dhún na nGall agus le Dún na nGall a chur chun cinn mar áit iontach le cónaí ann, obair ann agus gnó a dhéanamh ann.

 

Seoladh an físeán go hoifigiúil ar an 28 Meán Fómhair i dTeach an Chontae, Leifear, agus tá breis agus 22,000 amharc faighte aige ar na meáin shóisialta cheana féin.  Tá lúcháir ar an Clr. Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach, faoin ráchairt mhór seo.

‌ 

"I mí Iúil bhí de phléisiúr orm Réamheolaire Dhún na nGall a sheoladh ag Páirc na Darach i Ráth Bhoth agus cuireann an físeán seo leis an réamheolaire sin agus cuireann sé cor úr san fheachtas s'againne.  Cé go bhfuil lúcháir orm mar gheall ar an ráchairt atá ar an fhíseán níl iontas ar bith orm mar go bhfuil Dún na nGall ina áit den scoth le cónaí ann, le hobair ann agus le gnó a dhéanamh ann.'

  

Tá an Cathaoirleach ag iarraidh ar mhuintir Dhún na nGall tacú leis an fheachtas seo agus cuidiú leis an teachtaireacht a scaipeadh fá dtaobh de Dhún na nGall mar áit chónaithe, oibre agus ghnó.

 

Is táirge d'ardchaighdeán é an físeán agus is í Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altán a thugann muid ar thuras thart ar Dhún na nGall, ag cur an chontae i láthair don lucht gnó ar fud an domhain mar áit den scoth fá choinne a gcuid gnólachtaí. 

Tá réimse leathan seirbhísí áitiúla ar taispeáint san fhíseán ar nós rochtain, caitheamh aimsire, sláinte agus oideachas, ar mhaithe leo siúd a d'fhéadfadh a bheith ag smaointiú ar theacht chuig Dún na nGall le cónaí ann. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO