Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gerry Gilroy ar scor

Gerry ag dúil lena shaol úr ar scor

 Gerry Gilroy

Gerry Gilroy in éineacht le Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse, ag an teacht le chéile i Seanteach na Cúirte, Leifear, le himeacht Gerry ar scor ó Chomhairle Contae Dhún na nGall a mharcáil.

 

I ndiaidh breis agus 41 bhliain seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall, tá Gerry Gilroy ag súil le ré nua ina shaol.

 

Tá aithne mhaith ar Gerry ar fud na Comhairle agus is féidir a rá gan amhras go raibh saol gairmiúil lán éagsúlachta agus suimiúil aige.  Thosaigh sé in 1974 ina oifigeach cléireachais sa Rannóg Ioncaim nó Oifig na Rátaí mar a thugtaí air an t-am sin. Is cuimhin le Gerry an t-am nuair a scríobhfaí gach bille a eisítí de láimh ó leabhar cuntas, nuair ba bheag an líon guthán a bhí ar fáil, agus nuair nach raibh aon ríomhaire ná ríomhphost ann. 

 

"Nuair a thosaigh mise leis an Chomhairle is é an chéad phost a bhí agam na billí a scríobh de láimh fá choinne táillí uisce tí. Chaithtí gach gnó a thaifeadadh ar leabhar mór cuntas agus bhíodh ar gach rud a bheith mar is ceart ag deireadh an lae. 

 

"Bhí rudaí i bhfad ní ba fhoirmeálta sna laetha sin fadó.  D'eisítí gach litir ón Chomhairle faoi ainm Rúnaí an Chontae agus ní dhéantaí feidhmeanna an Bhainisteora Contae a tharmligean mar a dhéantar inniu.

 

"Is í an teicneolaíocht a thug isteach an t-athrú is mó, chan amháin ar an dóigh a dtugaimid faoinár gcuid oibre ach ar an chineál saoil a bhíonn againn.  Ní raibh gutháin phóca againn, ní bhíodh guthán ar achan deasc, agus chlóscríobhadh na cléirigh chlóscríbhneoireachta gach litir agus na miontuairiscí cruinnithe agus araile.  Mar shampla, chlóscríobhaití dréacht-mhiontuairiscí na gcruinnithe Comhairle ar gach leathanach ar stionsal agus dá mbíodh athrú suntasach le déanamh d'fhéadfadh sé go mbíodh gá leis na miontuairiscí a dhéanamh go hiomlán as an úr arís.

 

Nuair a thosaigh Gerry leis an Chomhairle, bhí na Trioblóidí ar siúl gan stad gan staonadh i dTuaisceart Éireann agus dálta cuid mhór dá chomhghleacaithe bhí cónaí ar Gerry agus a bhean chéile óg Betty ar an tSrath Bán le linn luathlaethanta a bpósta.  Is cuimhin leis buama ag pléascadh tráthnóna amháin ar an tSrath Bán le linn an gheimhridh in 1975/76.

 

"Bhí mé ag déanamh ragobair ag an am agus bhí Betty agus an iníon óg s'againne Amanda sa bhaile ar an tSrath Bán ach ní raibh guthán againn sa bhaile agus ní raibh mé in ann a fháil amach an raibh siad ceart go leor.  Dheifrigh mé liom chun an tSratha Báin lena chinntiú go raibh siad ceart go leor, agus buíochas le Dia, bhí.  Ach bhí fuinneog an tseomra leapa briste agus bhí píosaí gloine i gcliabhán an linbh. Níor fhan muid i bhfad ar an tSrath Bán ina dhiaidh sin agus bhog muid ar dtús go Cúl an Tí taobh amuigh de Leifear agus sa deireadh shocraigh muid in Alt, Caisleán na Finne, áit ar thóg muid an cúigear páistí s'againne."

 

Bhí neart rólanna suimiúla agus éagsúla ag Gerry sa Chomhairle, ina measc Oifigeach Sábháilteachta Uisce, Oifigeach Teagmhála an AE le togra N.A.S.C. Cathaoirleach ar an Choiste Bainistíochta do Thogra Bainistíochta Eastáit, Leas-Cheann Comhairimh i gceithre Thoghchán Áitiúla agus bhí sé ina Rúnaí Contae Gníomhach agus ina Bhainisteoir Contae Cúnta Gníomhach ó am go chéile le linn na 1990aidí.

 

Mar sin féin, nuair a fiafraíodh de cad é an ról ba dhúshlánaí a bhí aige labhraíonn sé fána chuid oibre mar Oifigeach Riaracháin sa Rannóg Tithíochta ag deireadh na 1990aidí.

 

 Gerry Gilroy

Gerry Gilroy in éineacht lena iníon Erin, ag an teacht le chéile i Seanteach na Cúirte, Leifear, Déardaoin seo caite, le himeacht Gerry ar scor ó Chomhairle Contae Dhún na nGall a mharcáil.

 

"Go mall na 1990aidí, bhí an obair sa tSeirbhís Tithíochta iontach dúshlánach.  Bhí athrúchán ard foirne ann, bhí cuid mhór obair thógála ar siúl ar fud an chontae, agus chuir an Ard-Chúirt ceangal ar an Chomhairle soláthairtí éigeandála cóiríochta a chur i bhfeidhm don lucht siúil. Ghlac sin cuid mhór cruinnithe ar fud an chontae lena raibh ar siúl a mhíniú agus le dul i ngleic buairimh agus le hagóidí.

 

"Lena chois sin, bhí Rialtas Áitiúil Níos Fearr á thabhairt isteach, rud a thug isteach na hathruithe is mó sa chóras rialtais áitiúil le céad bliain anuas. Cé gur tréimhse strusmhar a bheith ann, bhí foireann iontach daoine ag obair liom agus tháinig muid fríd agus d'éirigh linn seirbhís mhaith tithíochta a sholáthar do mhuintir Dhún na nGall".

 

D'oibrigh Gerry go dlúth fosta leis na comhairleoirí tofa ar Chomhairle Contae Dhún na nGall go háirithe ina ról mar Bhainisteoir Ceantair ar Sheirbhísí Corparáide i gceantracha Dhún na nGall agus Shrath an Urláir, ról a thug sé faoi in 2002, agus ar na mallaibh mar Bhainisteoir Ceantair sna Seirbhísí Tithíochta agus Corparáide i Srath an Urláir.

 

"Bhain mé sult as bheith ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall, agus bh an Chomhairle ina fostóir maith agam. Rinne mé cairdeas le go leor daoine i mo chuid oibre, agus trí mo chuid oibre, leis an Chomhairle. Nach gasta a chuaigh an bhliain is daichead sin isteach, ach tá mé réidh anois le sult a bhaint as an am breise saor a bheas agam in éineacht le mo bhean chéile agus le mo theaghlach, go háirithe mo bheirt gharpháistí, agus iarracht a dhéanamh mo ghalf a fheabhsú.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO