Grúpa Pobail na dTréantacha - Ráth Dhomhnaill a bhfuil glantachán á dhéanamh ina gceantarsan, sa ghrianghraf le Noel O’Donnell agus Martin Roarty ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Agus aimsir mhaith tuartha don chúpla lá amach romhainn beidh an ghrian ag spalpadh anuas ar na hoibrithe deonacha a bheas amuigh arís mar chuid de Ghlantachán Mór Dhún na nGall. Tá glantacháin beartaithe le haghaidh Bhaile Lifín, Cluain Maine, Carn Domhnach, na Gleanntaí, An Fál Carrach agus an Ghlaidhb i Leitir Ceanainn.
“Bhí suim millteanach mór i nGlantachán Mór Dhún na nGall arís i mbliana. Tá sárobair á déanamh ag na pobail ar fud Dhún na ngall agus is féidir le gach duine na torthaí a fheiceáil” arsa Suzanne Brogan, an Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall.
“D’iarrfainn orthu siúd a fhágann bruscar ina ndiaidh gan oiread agus an dara smaointiú sa chloigeann acu, nó orthu siúd a dhéanann dumpáil mhídhleathach, d’iarrfainn orthu smaointiú arís agus a chuimhneamh go bhfuil gach mála nó gach píosa bruscair a chaitear uatha i gcoinne an dlí ar thaobh amháin, ach go bhfuil sé fosta maslach don obair mhór iontach atá ar siúl ar daoine ar fud Dhún na nGall agus déanann sé an-dochar don fhiadhúlra agus don timpeallacht.
“Tá muid báite in iarratais ó ghrúpaí agus ó dhaoine aonaracha chun páirt a ghlacadh ann agus léiríonn sin an bród mór atá ag na daoine as a gceantracha féin. Mholfaimis do gach duine a pháirt a dhéanamh agus cuidiú leis na glantacháin seo go háitiúil. Cuireann an Chomhairle málaí, piocóirí agus veisteanna ardfheiceálacha ar fáil, agus ansin bailíonn muid an bruscar ó áiteanna ar leith ag am atá aontaithe”.
Seo a leanas na glantacháin a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo: