Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Glasú an Chontae le linn na Féile Pádraig

Glasú an Chontae le linn na Féile Pádraig

Tá Turasóireacht Dhún na nGall Teoranta, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, i ndiaidh togra a sheoladh ar na mallaibh chun cuidiú leis an Chontae is Glaise in Éireann a dhéanamh de Dhún na nGall le linn Lá Fhéile Pádraig 2015. Táthar ag iarraidh ar lucht turasóireachta sa chontae a gcuid áitreabh, ionad, eaglaisí nó eile a thiontú glas don fhéile. 

Tá glacadh go forleathan i measc an phobail agus an lucht gnó le Slí an Atlantaigh Fhiáin, agus tuigtear go bhfuil deis iontach sa tSlí leis an chontae a dhíol le cuairteoirí ar fud an domhain; agus cuirfidh glasú Dhún na nGall tús spleodrach le séasúr na turasóireachta sa chontae. 

Tá deimhniú faighte cheana féin go dtiontófar cuid mhór áiteanna agus áiseanna sa chontae glas: Ionad Cuairteoirí na Sean-Eaglaise, Óstán an Ghrianáin, Coróin Chionn Mhálanna, Oifig Turasóireachta Bhun Dobhráin, Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn, An Caisleán i nDún na nGall, agus Siopa Mhig Aoidh. Níl ansin ach roinnt samplaí.

 Má tá glasú déanta ar aon áis nó ar aon ionad nó ar aon ghnólacht, iarrtar ort grianghraif agus sonraí a chur chuig [email protected]. Scaipfear an scéal ar an idirlíon, agus moltar don phobal grianghrafanna a ghlacadh d’áiteanna atá glasaithe agus iad a scaipeadh ar líne faoin haischlib #greeningdonegal.

Cad chuige an glasú seo a dhéanamh? Is poiblíocht mhaith é don chontae agus dá bhfuil ar fáil sa chontae, is comhartha é go mbeidh fáilte roimh an chuairteoir agus go bhfuil lámh an chairdis á tairiscint don chuairteoir, agus go bhfuil muid, mar chontae, ar oscailt le haghaidh gnó.

B’fhéidir go bhfaca tú foirgnimh chlúiteacha eile, agus suíomhanna clúiteacha eile, ar fud an domhain agus dath glas curtha orthu do Lá Fhéile Pádraig, an Taj Mahal san Ind, an Moulin Rouge i bParas, agus na Pyramids san Eigipt, agus bíonn tóir mhór ag na meáin ar na scéalta seo. Tá muid leis an rud céanna a dhéanamh lenár gcontae féin anseo i nDún na nGall i mbliana chun tairbhe a bhaint as an phoiblíocht seo!

Ná déan dearmad an haischlib #greeningdonegal a úsáid le linn na Féile Pádraig.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO